Meitheal Uí Chadhain - Tuairisc ón Amasóin

I mí Feabhra na bliana seo chuaigh grúpa de ghníomhaithe óga teanga ar thuras mór dlúthpháirtíochta chun na hAmasóine ar feadh coicíse. Bhuail na Gaeil óga le bundúchasaigh na háite le foghlaim faoi shaol agus cultúr an phobail. Bhí neart le tuairisc acu agus iad ar ais i mBéal Feirste agus d'fhreastail Meon Eile ar imeacht ar leith ar na mallaibh ag ar labhair na Gaeil óga faoina dtaithí.

Is cúigear a bhfuil nasc acu le Glór na Móna a chuaigh ar an turas - Eimear Nic Ionnrachtaigh, Eoghan Ó Conghaile, Caoimhe Ní Choinn, Naoise Ó Cuilín agus Eoghan Ó Garmaile - in éineacht le gníomhaithe óga ó Na Speiríní i dTír Eoghain, agus le cairde ó Albain, Iarthar na hAfraice agus Meiriceá Laidineach. Fuair an scaifte léargas cumhachtach ar streachailt leanúnach na mbundúchasach i dtaca lena dtalamh, agus foraois bháistí na hAmasóine trí chéile, a chosaint, go háirithe agus an mhianadóireacht ag teacht i dtreis ann le tamall. As sin, beartaíodh ar ghréasán dlúthpháirtíochta a bhunú idir na grúpaí uilig. Seoladh an togra, 'Cairde Tapajós', ainmnithe i ndiaidh abhann san Amasóin, mar chuid den imeacht.

Is é Meitheal Uí Chadhain teideal an ghrúpa as Béal Feirste a chuaigh amach go Meiriceá Theas. Bunaíodh an grúpa chun díriú ar an ghníomhaíochas trí Ghaeilge agus chun oideachas polaitiúil a thabhairt chun solais, go háirithe i measc an aosa óig. Tá oidhreacht agus focail Mháirtín Uí Chadhain ina spreagadh mór acu: "An áit is tréine an dúshlán in aghaidh an rachmais, in aghaidh na héagóra, ar son na bhfann agus na mbocht, bíodh fáinne Gaeilge le feiceáil." (Máirtín Ó Cadhain 1906 - 1970)

Is féidir obair leanúnach Mheitheal Uí Chadhain a leanúint ar Instagram anseo.

Eagraíodh an t-imeacht seo mar chuid d'Fhéile na gCloigíní Gorma 2025.

Close
Close