Liú Lúnasa - féile na nGael óg

Thriall cúpla céad duine ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich in iarthar Bhéal Feirste don fhéile cheoil agus siamsaíochta Liú Lúnasa. D’eagraigh Gaeilgeoirí óga na cathrach an fhéile ar dheonachán airgid ón phobal. Bailíodh £1,400 trí fheachtas sluamhaoinithe ar líne.

Bhí buíonta óga ceoil go mór chun tosaigh le linn na féile, leithéidí Dúchas as Carn Tochar, Dysania as Muineachán, Emma Ní Fhíoruisce as Gaoth Dobhar agus JJ O Dochartaigh as Doire Cholmcille.

Seo spléachadh ar bhuaicphointí an cheoil agus caint ón lucht eagraithe faoin fhéile agus an méid a bhéas roimhe amach anseo…

Liú Lúnasa
Close
Close