Eagraíodh léacht ar Chlann Uí Ghnímh i bhfoirgneamh Turas in oirthear Bhéal Feirse ar na mallaibh.
Is í an scríbhneoir agus taighdeoir Angeline King a thug an chaint ar an ábhar atá bunaithe ar thaighde a rinne sí agus í ag scríobh an leabhair is úire s’aici ‘The Secret Diary of Stephanie Agnew’. Tá PhD s’aici ar stair na clainne chomh maith.
Ba chlann filí iad Clann Uí Ghnímh a bhí beo sna 1500í agus sna 1600í. Is i Latharna a bhí siad lonnaithe agus iad ina bhfilí ag Clann Uí Néill. Deirtear gur chaith siad go leor ama cóngarach don áit a bhfuil Turas suite sa lá atá inniu ann.
Labhair Meon Eile le Philip Ó hEochaidh ó fhoireann Turas faoin tábhacht atá leis an stair seo do na daoine ó chúlraí éagsúla a bhíonn ag freastal ar imeachtaí na heagraíochta.
D’inis Angeline King dúinn fosta faoin nasc láidir atá aici le Turas agus faoi bheith ag tógáil ar stair na hÉireann chun an caidreamh trasphobail a neartú.