‘Dublin Dancers and Dreams': Leabhar grianghraf agus filíochta

Dhá bhliain ó shin nuair a bhuail Cian Ó Gríofa leis an ghrianghrafadóir Anne-Sophie Gigan, thosaigh siad ag cáint faoi na rudaí ar léith a bhíonn ar bun acu agus chinn siad ar leabhar grianghraf a chur le chéile.

Bhí Anne-Sophie ag déanamh sraith grianghraf le damhsóirí idirnaisiúnta thart ar chathair Bhaile Átha Cliatha agus léim Cian isteach sa tionscadal lena chuid filíochta a chur leis. I ndiaidh dó na grianghraif féin a fheiceáil, spreagadh é chun dánta a chur leo.

Tá an leabhar grianghraf ar díol fá choinne €29.99 le 10% de sin ag dul i dtreo na healaíon i mBaile Átha Cliath. Is feidir an leabhar a cheannacht anseo.

Labhair Meon Eile le Cian a thug cur síos ar fhorbairt an leabhair agus tá blaiseadh de chuid de na pictiúirí san fhíseán chomh maith.

Close
Close