Bhí Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál, Béal Feirste, lán go doras ar na mallaibh le haghaidh cheiliúradh Lá Fhéile Pádraig.
Ar nós na milliún ar fud na cruinne, bhí daoine ag caitheamh éadaí glasa, ag damhsa agus ag baint sult as an chultúr Ghaelach.
Éarlamh na hÉireann é Naomh Pádraig ar ndóigh ach is féile idirnáisiúnta é an lá anois chomh maith.
Bhí roinnt imeachtaí éagsúla ar siúl sa Chultúrlann lena linn. Chuir Cumann Ceoil na Fuiseoige tús lena gcamchuairt lae le coirm ceoil thraidisiúnta. Bhí na daltaí s’acu ag cleachtadh don lá seo ó bhí Meán Fómhair ann agus bhí deis ag achan cheoltóir a gcuid scileanna a thaispeáint don tslua.
Labhair Meon Eile le Christine Mhic Colaim ón Chumann Ceoil faoin lá ghnóthach a bhí acu agus faoin bhród a mhothaigh sí as na daltaí, iad ag seinm agus ag damhsa go muiníneach os comhair an lucht féachana.
D’inis Milène Fegan ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich dúinn faoin réimse leathan imeachtaí a bhí ar siúl ar an lá agus an tábhacht a bhaineann le spás a chur ar fáil do theaghlaigh ar Lá Fhéile Pádraig, go háirithe páistí óga.
Is é Cónall Ó Corra Stiúrthóir na Cultúrlainne agus labhair sé linn faoin obair chrua a chuir an fhoireann isteach agus iad ag iarraidh spás cultúrtha a chur ar fáil don phobal taobh amuigh de lár na cathrach, go háirithe ag na féilte móra amhail Lá Fhéile Pádraig.

