Tá Lá Fhéile Bríde chóir a bheith linn anois agus chuaigh Meon Eile go Fochaird i gContae Lú, áit ar rugadh Naomh Bríd chun labhairt le Réamonn Ó Ciaráin faoina scéal.
Rugadh Bríd ag Cnoc Fhochairde thart faoin bhliain 454AD. Ghlac sí ainm bhandé agus is cosúil go raibh na tréithe céanna ag an bheirt bhan speisiúla seo. Bhí nasc láidir acu dís le mná, leis an talamh agus leis an torthúlacht agus ní haon timpiste é go ndéantar ceiliúradh orthu beirt ag tús an earraigh in Éirinn.
Titeann Lá Fhéile Bríde ar an 1ú Feabhra agus titeann an Fhéile Imbolg ar an lá céanna - rud a léiríonn an tábhacht a bhaineann le Bríd i bhféilire na Críostaíochta in éineacht le seanfhéilire na nGael. Is am tábhachtach é seo i stair na gCeilteach a dhéanann comóradh ar dheireadh an dorchadais agus ceiliúradh ar thús loinnir na gréine arís.
Níl aon dabht ach go bhfuil rud éigin an-speisialta faoin áit inar rugadh an bhean a thóg an chéad mhainistir in Éirinn agus tá scrín ghalánta tógtha ag Fochaird in ómós do Naomh Bríd í féin. Téann na mílte duine chun na scríne gach bliain chun cuairt a thabhairt ar áit dúchais bhanphátrún na nGael.
Tá mothúchán ársa le brath san áit chomh maith agus is cinnte gur áit shíochánta í ar féidir le duine ar bith dul chuici chun suaimhneas agus oidhreacht Bhríde a mhothú - bíodh sin Bríd mar naomh, Bríd mar bhandia nó an dá ní.
Mhínigh Réamonn Ó Ciaráin roinnt de na scéaltaí agus na traidisiúin a bhaineann le Bríd i stair na tíre dúinn...