Lá 'le Vailintín… à la Bridget Jones

Lá 'le Vailintín… à la Bridget Jones
Cá mbíonn do chroí ar Lá Fhéile Vailintín?
Cá mbíonn do chroí ar Lá Fhéile Vailintín?

Scott De Buitléir

“Tabhair cara singil leat,” a bhí scríofa ag an óstach don ócáid ar Facebook, “seans deireanach le cárta Vailintín a fháil i mbliana!”

Bhíos féin ag súil go mór leis an gcóisir a bhí á reáchtáil ag cara liom ina árasán nua; ábhar scríbhneoireachta a bheadh ann dom murach rud ar bith eile, ach dá mbuailfinn le strapaire álainn ann, is cinnte go mbeadh sin níos fearr.

Mar sin féin, bhí an brú le mothú, mar saghas double whammy atá ann dom muna bhfuilim i gcaidreamh i mí Feabhra. Tá mo bhreithlá ar an 12ú, mar sin má táim singil air sin, táim singil do Lá Mór na gCártaí Hallmark chomh maith.

Ní chuirfeadh sin isteach ar mhórán daoine is dóigh, ach thar na blianta, ba mhinice dom bheith i gcaidreamh ná bheith singil.

Is fada é ó bhíos singil don dá ócáid, ach tá sé le tarlúint i mbliana.

Anuraidh, cheapas go raibh an duais don bhFear is Rómánsaí in Éirinn tuillte agam.

Bhí an-chuid spéise ag mo bhuachaill (mar a bhí ag an am) sa Róimh, ag caint faoin stair agus na foirgnimh dá bhfuil ann.

Bhí uair amháin ann nuair a bhíos feargach leis, agus chun leithscéal a thabhairt dom, rinne sé pictiúr den gColosseo agus scríobh sé “I promise I’ll make it up to you in Rome” air.

Mhaith mé dó (ní cuimhin liom anois céard a rinne sé) ach thug sé inspioráid dom i ngan fhios dó féin.

Nuair a tháinig seachtain mo bhreithlae agus Vailintín, bhí gach rud socruithe agam, agus ní raibh a fhios aige ar a raibh déanta agam.

Céard a thug mé dó do lá an ghrá, a deir tú?

Cárta le teidí mór ar an tosach, leis na focail mhóra: To My Brilliant Boyfriend. Lastigh den gcárta, bhí leathanach A4, agus ba shin a bhronntanas; “Do chéad cheacht Iodáilise,” a scríobh mé ar bharr an leathanaigh, “ti amo – mo ghrá thú.”

Faoi sin, bhí sonraí na n-eitilt scríofa agam; Baile Átha Cliath go dtí an Róimh i mí Meithimh. Cúig lá faoin nGrian le chéile – a chéad saoire ar an Mór-Roinn.

Cá bhfuil an mí-ádh sa scéal sin? Níor éirigh le mo phlean, mar bhí todhchaí eile romhainn.

Coicís níos déanaí, scair muid, mé fágtha le péire ticéad i gcomhair saoire rómánsúil san Iodáil, gan aon bhuachaill lena thabhairt liom.

Mar sin, rinne mé mar a dhéanfadh éinne eile – thug mé cuireadh do mo chara is fearr agus bhí saoire den scoth againn!

Damhsa, an Colosseo, pizza, fir bhreatha, Iodálach ag canadh amhrán Gaeilge liom ag a dó a chlog ar maidin (i ndáiríre!) agus tiománaithe tacsaí craiceáilte.

Ach le bheith iomlán macánta faoi, bhí nóiméad nó dhó ann nuair a shiúil mé thar bhialann bheag rómánsach agus cheapfainn “dá mbeadh sé liom, bheadh sé ag iarraidh ithe ann”.

An fhadhb, dár ndóigh, ná nuair a thosnaíonn tú ag smaoineamh faoin méid arbh fhéidir a tharlúint, déanann tú dearmad ar bheith ag súil le féidearthachtaí na todhchaí.

I mbliana, táim singil do mo bhreithlá agus Lá ’le Vailintín.

Fadhb ar bith – ciallaíonn sé nach bhfuilim ag breathnú ar shuíomh Aer Lingus i mbliana!

Pé scéal é, bíonn ’chuile dhuine faoin mbrú céanna nuair a thagann Lá Naomh Hallmark (!) agus is cuma más díreach, aerach nó eile thú.

Má tá tú singil, seans go mbeidh tú cantalach don lá ar fad, mar fiú más i gcul do chinn é, bíonn tú eolach go bhfuil tú i d’aonar nuair atá lánúnacha ag roinnt pláta spagetti i mbialann chostasach éigin.

Má ghlacann tú leis go mb’fhéidir go mbeadh éad ort, bíodh sólás agat ar an smaoineamh go mb’fhéidir go mbeidís uilig singil i gceann coicíse.

Ach, má tá tú i gcaidreamh don lá mór, bain taitneamh as.

Close
Close