IMRAM na nÓg

Lá liath ceomhar i nDún Laoghaire agus bhí leabharlann LexIcon lán le beocht agus le teocht, muintir na háite ag ceiliúradh an dara bliain den fhéile, IMRAM na nÓg.

Tá clú agus cáil ar an mhórfhéile litríochta IMRAM, agus is é IMRAM na nÓg an chuid den fhéile sin a dhíríonn ar litríocht agus ealaíona do pháistí.

Ceann de na himeachtaí a eagraíodh ná ‘Spreagadh don tSamhlaíocht’, ina raibh bhí ióga, déantóireacht puipéad, criadóireacht agus rang idirghníomhach dar teideal Colourstrings le Julie Anne de Brún. Bhí idir óg agus aosta ag canadh agus ag rince le chéile trí mheán na Gaeilge.

Bhí an t-ealaíontóir Cormac Ó Bréartúin i mbun rang potadóireachta inar chruthaigh na páistí potaí beaga a bheidh ar bhuantaispeáint sa leabharlann as seo amach.

Ba é téama na ceardlainne ná ‘Cad é ba mhaith leat a thabhairt don chéad ghlúin eile?’ Rinne na páistí macnamh ar na rudaí ar mhian leo a thabhairt don ghlúin a bheith ag teacht ina ndiaidh agus cuireadh an-bhéim ar cúrsaí oideachais agus cúrsaí timpeallachta.

Rítear IMRAM na nÓg mar chuid den phríomhfhéile IMRAM a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath go dtí an 26ú Deireadh Fómhair. Tá tuilleadh eolais le fáil ar http://imram.ie/

Close
Close