Idir mise agus tusa - Thuaidh nó Theas?


Agus páistí óga sáinnithe sa teach faoi láthair le linn na dianghlasála, caitheann muid súil siar chuig 2015 nuair a chruthaigh Macha Media sraith iontach do Meon Eile; Idir Mise agus Tusa. Sa tsraith bhríomhar drámaíochta seo, feicfidh muid meascán d'agallaimh beirte atá léirithe ag daoine óga as gach cearn de Chúige Uladh. Is é seo clár 2 sa tsraith.

“Ceist agam ortsa, a chara:

Cé acu is fearr i do mheas,

A bheith i do chónaí ó thuaidh

Nó bheith i do chónaí ó dheas?”

Seo an cheist atá á plé ag Siún McSherry agus Eimear Drain as Bunscoil Phobal Feirste in agallamh na seachtaine seo. Ba é an file Conallach Pádraig Mac Suibhne a scríobh an t-agallamh greannmhar seo a thugann ábhar macnaimh dúinn…

Close
Close