I measc na dteangacha eile

Ciarán Ó Braonáin

Fásann chuile dhuine aníos i mbolgán éigin agus fágann sochaí an bholgáin sin lorg ort. Níl aon dul as.

Níor thuig mise go dtí le déanaí, áfach, an méid a chuaigh meon bholgán Béarla na hÉireann i bhfeidhm orm.

Ach anois, théis seal a chaitheamh ag cur aithne ar chultúir eile tá tuiscint úr faighte agam ar an nGaeilge is ar theangacha uile na cruinne.

Rugadh agus tógadh i mBleá Cliath mé agus cé gur cainteoir Gaeilge mé a d’fhreastail ar Ghaelscoil, caithim mo shaol i mbolgán atá faoi thionchar theanga is chultúr an Bhéarla.

Is fíor go gcaithim cuid mhór de mo shaol, an chuid is mó, seans, i mbolgán níos lú, i mbolgán Gaelach, ach tá an bolgán sin fiú go mór faoi thionchar an Bhéarla.

Bronnadh deis dochreidte foghlamtha orm tamall ó shin nuair a bhain mé scoláireacht amach mar mhúinteoir teanga iasachta le Clár Fulbright Mheiriceá.

Dá thoradh, tá bliain caite agam ag múineadh na Gaeilge in Ollscoil Villanova, Pennsylvania. Idir an taithí laistigh agus lasmuigh den seomra ranga tá an t-uafás feicthe is foghlamtha agam a d’fhorbair go mór an dearcadh atá agam ar mo theanga.

Mí na Nollag seo caite bhailigh múinteoirí teanga le chéile do chomhdháil Fulbright in Washington, D.C..

Bhí daoine óga ann ó chuile chearn den domhan is rinne gach aon duine dóibh a theanga is a chultúr a cheiliúradh go bródúil. Agus mé ag cur eolais ar na teangacha uilig ní raibh mé in ann comparáidí eatarthu is an Ghaeilge a sheachaint.

Ar an mbonn is bunúsaí, b’fhaoiseamh domsa é fadhbanna an mhúinteora Gaeilge a aithint i gcaint mhúinteoirí na dteangacha eile.

Ní dhéanfaidh mé an iomarca buartha anois de dheacrachtaí maidir le canúintí na Gaeilge théis dom foghlaim go bhfuil cúig chanúint is tríocha ag an nGearmáinis, agus go mbíonn canúintí éagsúla Araibise ionann agus dothuigthe dá chéile go minic.

Thuig mé go maith cás an Rúisigh freisin a mhínigh dúinn an dúshlán a bhaineann le gramadach na Rúisise a mhúineadh toisc an méid eisceachtaí atá inti.

Ní dhearna mé aon iontas de agus í ag cur ina luí orainn an crá croí a chothaíonn an dá chóras comhairimh éagsúla i measc na bhfoghlaimeoirí!

An toradh is mó a bhaineann le cur fút i mbolgán is ea dearcadh cúng ar an saol. Cé gur cliché na gclichéanna é, is fíor nach bhfuil a shárú de leigheas ar an bhfadhb seo agus an taisteal.

Mar shampla de seo, in ainneoin an méid a léigh mé faoi theangacha eile, d’fhéach mé fós ar an gcoimhlint idir Gaeilge agus Béarla in Éirinn mar chás iomlán faoi leith.

D’fhéach mé ar an díospóireacht anseo mar rud a bhí bainte go dlúth lenár gcomhthéacs áirithe amháin. Níor cheap mé, i ndáiríre, go mbeadh mórán dreamanna eile ar domhan in ann castacht an scéil a thuiscint i gceart.

Ach is léir dom anois go raibh dul amú orm agus go bhfuil an choimhlint cheannann céanna ag titim amach fud fad na cruinne.

Baineadh siar asam nuair a thug mé cuairt ar Iarsmalann Náisiúnta Indiaigh Mheiriceá in Washington, D.C..

Bhí scéal na nGael le haithint chuile áit i stair na bpobal dúchasach sna Stáit agus i gCeanada – sa chos ar bholg, sa ghreadadh ar scoil, sa náire agus sa bheag is fiú.

D’aithin mé cás na Gaeilge chomh maith áfach, sa mhéid a d’fhoghlaim mé faoi ghlúin an lae inniu atá ag obair le díograis, fuinneamh, cruthaíocht agus le bród lena theanga is lena chultúr a chaomhnú is a chur chun cinn.

Anuas ar na rudaí nua a thug mé faoi deara ba mhór an tógáil croí é athdheimhniú a fháil, i gcomhthéacs úr, ar rud a chreid mé i gcónaí.

Níor ghlac mé riamh le mana phobal aonteangach na hÉireann nach bhfuil ann i dteanga ach modh cumarsáide.

Théis dom freastal ar chaint leis an teangeolaí K. David Harrison ba léir domsa cé chomh heaspach is cé chomh haineolach is atá an tuairim sin.

Le linn dá chaint rinne an Dochtúir Harrison plé ar Thúbhan na Sibéire. In áit ‘croí’ an Iarthair, is é an t-ae meafar bitheolaíochta an Túbhain ar an ngrá.

Tá ainm na ndathanna bunaithe ar chuma is ar phatrúin éagsúla fhionnaidh na mbeithíoch.

Bíonn an Aimsir Chaite amach romhat agus í soiléir duit, ach bíonn an Aimsir Fháistineach taobh thiar duit, mar gheall uirthi bheith i bhfolach ort.

Sileann an stór focal a bhaineann le luas ó chruth na habhann is ó ghluaiseacht an tsrutha.

Agus, ar nós sneachta na nIonúiteach, de thoradh próisis ina ndéantar breosla d’eiscréid na ngeacanna, tá céad focal ar chac acu sa Túbhan!

Mar a dúirt an Dochtúir Harrison, “Tá níos mó i gceist le teanga ná mar a cheapaimid. Ní gramadach amháin atá inti, is tírdhreach, aibhneacha, plandaí, áit agus aimsir í freisin”.

Cuireadh leis an méid a bhí le rá ag an Dochtúir Harrison maidir le luach teangacha ag caint a thug scoláire Fulbright ó na hOileáin Fhilipíneacha, ‘Parts’ Partosa.

Baineadh siar arís asam nuair a phléigh sise an taithí atá aici ar Mheiriceánaigh Fhilipíneacha. Ba mhacasamhail chríochnaithe í agus an taithí faighte agam ag plé le Gaeil-Mheiriceánaigh.

Mar a mhínigh an bhean uasal, “Ní cumarsáid amháin atá i gceist agus tú ag foghlaim do theanga féin. Is éard atá ann ná aithne a chur ort féin agus athghabháil a dhéanamh ar do chuid féiniúlachta”.

Níl oiread is dabht amháin agam anois faoi.

Théis gach a bhfuil feicthe is cloiste agam, táim cinnte nach leor ‘modh cumarsáide’ a thabhairt ar theanga.

Is éard atá i dTúbhan na Sibéire, i dTagálaigis na bhFilipíneach, nó i nGaeilge na hÉireann, ná meon cine.

Is taifead í teanga ar stair, luachanna, saol, agus ar bhealach smaointe na ndaoine as a dtáinig sí.

Ní ‘cuid’ de chultúr í ach oiread, bunús cultúir is ea í.

Anuas ar luach teanga dá cine is dá pobal féin, rith sé liom i mbliana go bhfuil luach breise uirthi fós.

Le linn cruinnithe is comhdhálacha Fulbright, cé go raibh an Béarla á úsáid againn mar mhodh cumarsáide, ba í ár dteanga féin cúis na comhthuisceana eadrainn ar fad, rud a léirigh domsa gur ‘eochair tuisceana’ í gach teanga, agus ní beag an luach é sin.

Close
Close