Ursula Ní Shabhaois
Níl aon sceithire ná milleadh scéil san alt seo
Cuireadh tús le dráma úr de chuid na sraithe Harry Potter ar na mallaibh ar ardán i Londain.
Foilsíodh an script do ‘Harry Potter agus an Páiste Mallachta’ ar an lá ceánna agus bhí lucht leanúna Harry agus a chuid cairde ag dúil go mór le feiceáil cad é a bhí in ann dóibh anois.
Cé gur chum J.K. Rowling, údar na seacht leabhair sa tsraith, an scéal seo, níorbh í féin amháin a scríobh an script.
Script dráma atá ann, scríofa aici, ag Jack Thorne agus ag John Tiffany.
Bhí mé féin fós ar scoil nuair a foilsíodh na leabhair don chéad uair.
Is cuimhin liom go maith bheith ag fanacht ar an chéad leabhar eile teacht amach, ar bís faoi cad é a bhí chun tarlú sa chéad bhliain eile ar Hogwarts.
A luaithe agus a fuair mé greim ar an leabhar nua, ní bhogfainn don lá ar fad go dtí go raibh an t-iomlán léite agam.
Níor lig an leabhar síos riamh mé, bhí gach leabhar chomh maith leis an leabhar a tháinig roimhe agus d’éirigh siad níos fearr le linn an ama.
Ag an am sin, bhí mé a bheag nó a mhór ar comhaois leis na príomh-charachtair sna scéalta agus sílim gur chuir sin leis na scéalta domsa, cé nach raibh mo chuid laethanta scoile chomh heachtrúil ceánna agus a bhí siad ag Harry, Ron agus Hermione.
Tosaíonn an dráma seo san áit ar chríochnaigh an leabhar deireanach, naoi mbliana déag i ndiaidh gur imigh Harry agus a chuid cairde ó Hogwarts agus páistí Harry agus Ginny, Ron agus Hermione uilig ag freastal anois ar an scoil chlúiteach.
Díríonn an scéal ar mhac óg Harry, Albus Severus Potter, agus ar na heachtraí atá idir lámha aige agus ag a dhlúthchara Scorpius Malfoy, mac le Draco (ní raibh duine ar bith ag dúil leis sin, an raibh?).
Mar a fhorbraíonn an scéal, buailimid le cuid mhór de na sean-charachtair a raibh aithne againn orthu sa tsraith leabhar, agus do dhuine ar bith a bhain sult as na leabhair, is cinnte go mbainfidh siad sult as an uasdátú ar cad é atá ar bun acu 20 bliain anonn.
Déantar cuid mhór nascanna le rudaí a tharla sna luath-leabhair fosta, rud a chuireann go mór leis an scéal agus a bhí ina meabhrachán deas don duine nár léigh siar orthu le tamall anuas.
An t-aon rud a bhain den chaighdeán domsa ná go bhfuil poll nó dhó sa scéal, corr rud anseo is ansiúd nach bhfuil iomlán ciall ag baint leis agus tá sé soiléir nach raibh an bhaint cheánna ag Rowling leis an script seo agus a bhí leis na scéalta a tháinig roimhe.
Dar liomsa, ní hé seo an t-ochtú leabhar sa tsraith agus ní shílim gur féidir é sin a dhéanamh.
Tá an tsraith sin críochnaithe ag Rowling agus ba chóir é a fhágáil mar atá.
An rud a bhí speisialta faoi na leabhair eile ná an bealach a chuir gach leabhar leis an cheann a tháinig roimhe agus mhothaigh tú go raibh cuimhne agat ar rud a tharla in áit ar rud a léigh tú.
Tá sin in easnamh sa leabhar seo ach ní nach ionadh, ní raibh seo riamh le bheith mar chuid den scéal sin.
Is rud ann féin é an leabhar seo atá suite sa domhain ceánna, sin é.
Is léamh maith é, is scéal suimiúil é, ach cé gur féidir sult a bhaint as, sílim go bhfuil mé féin anois thar aois le bheith meallta ar ais chuig an domhan draíochtúil sin.
Beidh sé i gcónaí deacair do rud ar bith a bhfuil ainm ‘Harry Potter’ luaite leis an méid a bhfuil daoine ag dúil leis a shásamh, leag Rowling caighdeán ró-ard ag an tús.
Sin ráite, thaitin an leabhar seo liom agus bheadh dúil agam an seó a fheiceáil dá mbeadh an deis agam.
Deis eile smaoineamh siar ar an domhan iontach úd agus na scéalta istigh ann.
Diabhlaíocht déanta.