Glórtha Úra Uladh – Taighde na nUltach os comhair an phobail

Tháinig scoláirí Gaeilge ó Ollscoil Uladh agus Ollscoil na Ríona le chéile lena dtaighde a chur os comhair an phobail i mBéal Feirste ag an chomhdháil úr ‘Glórtha Úra Uladh’.

“Tá Éigse Loch Lao ann agus tá Éigse Cholmcille ann, i measc éigsí eile, agus mhothaigh mé go raibh gá le rud a bheith eagraithe ag mic léinn dírithe ar mhic léinn a thabharfadh deis dóibh a saothar a roinnt,” arsa Pádraig Ó Tiarnaigh, duine den lucht eagraithe.

Thug dhá scoláire déag – bunchéime, iarchéime agus doctúireachta – léargas ar a gcuid taighde reatha i Leabharlann Halla an Línéadaigh.

“Tá Ollscoil Uladh agus Ollscoil na Ríona iontach cóngarach dá chéile, cad is fiú beirt bheith ann ag obair anseo agus beirt ann ag obair thall gan bheith ag obair le chéile,” a dúirt Tricia Ní Chearra, iníon léinn in Ollscoil Uladh.

Ba é Feargal Mac Ionnrachtaigh a thug aoi-léacht na comhdhála agus leag sé béim ar úsáid taighde chun leas an phobail ina chuid cainte.

“An chomhdháil seo inniu, tá muid ag amharc ar athbheochan na Gaeilge,” ar seisean.

“Sílim go mbeadh sé go maith ag an ghlúin úr taighdeoirí atá ag teacht chun cinn bheith ag smaoineamh ar a gcuid taighde a úsáid ar mhaithe le hathghabháil agus athneartú na teanga. Sin mórsprioc an lae inniu atá againn.”

Glórtha Úra Uladh
Close
Close