Geamaireacht na Nollag curtha ar ceal

De ghnáth bíonn foireann Ababú iontach gnóthach le linn mhí na Nollag agus ceardlanna éagsúla mar aon le geamaireacht mhór na Nollag ar siúl acu.

Tá sin uilig athraithe i mbliana ar ndóigh - ní bheidh deis ag an phobal sult a bhaint as 'Seán agus an Gás Ponaire' ná seó ar bith eile mar a bhain anuraidh.

Thug Meon Eile cuairt ar Oifig Ababú i mBéal Feirste, áit ar labhair an bainisteoir, Máire Andrews, linn faoin tionchar atá ag an choróinvíreas ar a gcuid oibre agus faoi na dóigheanna a bhfuil siad ag dul i ngleic leis an fhadhb. 

Tá Ababú go fóill ag iarraidh an drámaíocht a chur ar fáil agus, chuige sin, tá pacáistí curtha le chéile acu le tabhairt chuig scoileanna ar fud na sé chontae. Sna pacáistí seo tá script, treoracha, cur síos ar na carachtair agus treallamh ealaíne chun an seit a thógáil. 

Tá Máire dóchasach go mbeidh siad in ann na ceachtanna agus ceardlanna a chur ar siúl arís ar an bhliain seo chugainn.

Close
Close