Fidléireacht ag tosú i mBunscoil Mhic Reachtain

Bhí lúcháir mhór ar scoilphobal Bhunscoil Mhic Reachtain i dTuaisceart Bhéal Feirste ar na mallaibh nuair a bronnadh 10 fidil orthu. Kieron Murray Jewellers a thug na huirlisí don scoil.

Is gné lárnach i saol na scoile é an ceol agus bíonn na daltaí ag déanamh cleachtadh ar an fheadóg stáin go rialta cheana féin.

Thug Meon Eile cuairt ar an chéad rang fidle leis an cheoltóir Séamas Ó Labhradha agus bhí na daltaí uile iontach tógtha faoi dar leis.

Labhair muid le príomhoide na scoile, An Dr Séamas Ó Donnghaile, a d’inis dúinn faoi cé chomh tábhachtach agus atá sé do na daltaí an ceol a fhoghlaim agus a sheinm mar cuid den eispéireas scoile ionas go gcothófar muinín agus meon pobail iontu.

Close
Close