Féile Scoildrámaíochta an Iúir 2024

Seoladh Féile Scoildrámaíochta an Iúir ar na mallaibh chun spotsolas a thabhairt ar dhaltaí scoile an cheantair agus a mbuanna aisteoireachta.

Cuireadh chéad lá na féile ar siúl in Ionad Ealaíon an Dúin i nDún Pádraig, áit ar ghlac ceithre scoil dhifriúla páirt inti, is iad sin Bunscoil Mhuire agus Phádraig, Dún Pádraig, Bunscoil Bheanna Boirche agus Ardscoil Mhaolmhaodhóg, Caisleán Uidhilín, agus Bunscoil an Iúir as Iúr Cinn Trá.

D'fhreastail Meon Eile ar an dara lá den fhéile in Amharclann Ionad an Mhargaidh, Ard Mhacha. Chonacthas drámaíocht ar ardchaighdeán ó gach uile scoil a bhí i láthair; Bunscoil na mBráithre Críostaí, Ard Mhacha le “Matilda”, Gaelscoil Uí Néill, Oileán an Ghuail le “An Sionnach Glic", Gaelscoil Phádraig Naofa, Crois Mhic Lionnáin le "Cochaillín Dearg agus na Sméara” agus "Táin Bó Cuailgne - Ó a Dhia!"

Ba í Mairéad Mhic Ruairí moltóir na féile i mbliana. Bhí an-suim ag Mairéad sa dramaíocht ó bhí sí ar an ollscoil agus tá beagnach dhá scór bliain caite sa mhúinteoireacht aici, post ina bhfuair sí taithí nach beag ag stiúradh neart ceoldrámaí agus ag scríobh scripteanna. 

Ba iad na cuimhní ar an scoildrámaíocht na cuimhní is fearr le Mairéad agus bhí an deis againn labhairt léi ar an lá faoin phost dhúshlánach a bhí aici. Labhair muid le Cathaoirleach choiste na féile, Muiris Mac Dhaibhéid agus le hIníon Nic Conmhaoil, múinteoir Rang 5 ag Bunscoil na mBráithre Críostaí a léirigh an dráma "Matilda". Labhair muid le beirt daltaí ó Bhunscoil na mBráithre Críostaí chomh maith, Gracie (Matilda) agus Conn (Trunchbull).

Chuir Comhairle Buirge Chathair Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon (ABC Borough Council) Ionad an Mhargaidh i gCathair Ard Mhacha ar fáil don fhéile, beart a raibh coiste na féile an-bhuíoch as. 

Seo thíos na duaiseanna ar fad ó Fhéile an Iúir 2024:

Duais Speisialta an Mholtóra - Bunscoil an Iúir, Iúr Cinn Trá le "An Traein"

Aisteoir is fearr (cailín) - Lavender ó "Matilda" (Bunscoil na mBráithre Críostaí, Ard Mhacha)

Aisteoir is fearr (gasúr) - An tUasal Ó Sionnaigh ó "An Sionnach Glic" (Gaelscoil Uí Néill, Oileán an Ghuail)

Script nua is fearr - Gaelscoil Uí Néill le "An Sionnach Glic" 

Scothléiriú na Féile - Gaelscoil Uí Néill le "An Sionnach Glic"

Ainmniúcháin chuig Féile Uladh 19-20 Márta: 

       - Bunscoil Bheanna Boirche, Caisleán Uidhilín le "Oíche Dhraíochta sa Chathair"

       - Bunscoil na mBráithre Críostaí, Ard Mhacha le "Matilda"

       - Gaelscoil Uí Néill, Oileán an Ghuail le "An Sionnach Glic"

       - Gaelscoil Phádraig Naofa, Crois Mhic Lionnáin le "Cochaillín Dearg agus na Sméara" agus "Táin Bó Cuailgne - Ó a Dhia!"

Fuair Gaelscoil Uí Néill le "An Sionnach Glic" agus Gaelscoil Phádraig Naofa le "Táin Bó Cuailgne - Ó a Dhia!" ainmniúcháin chuig An Fhéile Náisiúnta a bheidh ar siúl in Ionad Ealaíon an Mhuilinn Chearr idir an 17-19 agus an 22-24 Aibreán. Is féidir amharc ar an chlár iomlán anseo.

Déanann Féile Scoildrámaíochta comhghairdeas ó chroí leis na buaiteoirí agus le gach scoil a léirigh dráma i bhFéile 2024.

Close
Close