Féile ‘One World’ i nDoire

Gach bliain cuireann Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tStratha Báin an fhéile ‘One World’ ar siúil i lár chathair Dhoire. I mbliana, rinne an pobail áitiuil ceiliúradh ar an fhéile ar Shráid an Easpaig.

Is é aidhm na féile seo ná an éagsúlacht chultúir a chéiliúradh tríd na healaíona, an bia agus an ceol. 

Bhí seastáin ann ag léiriú nósanna ó gach cearn den domhan agus bhí Cultúrlann Uí Chanáin ina measc. 

Thug Meon Eile cuairt ar an lá iontach seo agus labhair muid le Ben Ó Baoill agus Catherine Pollock ón Chultúrlann faoi atmaisféar an lae agus faoina thiomanta atá siad an Ghaeilge a chur i láthair an phobail mhóir.

Mhínigh Cara McLoughlin dúinn faoin táispeantas ealaíne ‘Stair na Gaeilge’ a thug siad leo ar an lá agus a ndearna an t-ealaíontóir áitiúil Tom Cosgrove é.

Close
Close