Féile Ghiotáir Bhéal Feirste 2023

Bhunaigh Paul McMordie Féile Ghiotáir Bhéal Feirste breis is 10 mbliana ó shin mar bhealach le ceiliúradh a dhéanamh ar an uirlis agus ar an iliomad ceoltóirí a sheinneann í.

Tá oidhreacht shaibhir ag Éirinn maidir le huirlisí ceoil a thógáil agus meastar gur comhlachtaí Éireannacha a dhéanann cuid de na giotáir is fearr ar domhan.

Tá Féile Ghiotáir Bhéal Feirste ar ais i ndiaidh 3 bliana a chailleadh mar gheall ar Covid agus tá imeachtaí á reáchtáil acu ar fud na cathrach.

Thug Meon Eile cuairt ar Ionad Ealaíon an Chorráin ar na mallaibh, áit ar sheinn Gary Lutton, Neil Ó Briain agus John Tracey seit, sular fhill siad ar an stáitse faoi choinne encore mar thríréad.

Shuigh muid síos le labhairt le John agus Neil a bhí ar bís le bheith ag seinm ag an ocáid. Labhair siad beirt faoin tábhacht a bhaineann leis an ghiotár féin agus le féilte a thugann deis do dhaoine an uirlis a cheiliúradh.

Tá blaiseadh den ócáid san fhíseán thuas.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin fhéile, is féidir leat dul anseo.

Close
Close