Féile Ghaeltacht Thír Eoghain 2024

Tháinig an 13ú leagan d’Fhéile Ghaeltacht Thír Eoghain chun deiridh ar na mallaibh in Institiúid Ceannasaíochta na hÉireann sa sráidbhaile Cabhán an Chaorthainn.

Is cúrsa Gaeltachta do dhaoine fásta é an fhéile seo a mhaireann trí lá. Bíonn idir bhunrang, mheánrang agus ardrang ar siúl agus go leor deiseanna do na foghlaimeoirí teacht le chéile agus a gcuid Gaeilge a úsáid ag am lóin.

Thug Meon Eile cuairt ar lá deireanach an chúrsa, tráth a bhí bronnadh na dteastas ar siúl. De réir Aoife Ní Luachráin, a theagasc an meánrang le linn an chúrsa, bhí sé iontach tábhachtach go mbeadh aitheantas ceart tugtha do na daoine a d’fhreastail ar na trí lá mar gheall ar an iarracht mhór mhaith a rinne siad i mbliana.

Labhair muid fosta le Seán Mac Nia, a theagasc an t-ardrang, faoin bhéim a chuir sé ar chaint na Gaeilge agus scileanna comhrá sna ranganna s’aige.

Close
Close