Fear an fhoclóra, Niall Ó Dónaill

Is in Ailt an Eidhinn i nGaeltacht Thír Chonaill a rugadh agus a tógadh fear na bhfoclóirí, Niall Ó Dónaill.

Ba é an duine ba shine de sheisear clainne é Niall. D’fhreastail sé ar scoil náisiúnta Loch an Iúir agus tugadh le fios fiú ag an aois óg sin gur ghasúr iontach cliste a bhí ann.

Tar éis an scoil náisiúnta a chríochnú thug scolaireacht é go Coláiste Adhamhnáin i Leitir Ceanainn, agus scoláireacht eile arís go Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath.

Gaeilge, Béarla agus stair a bhí á staidéir aige agus é i mBaile Átha Cliath, ach bhí sé mall ag filleadh ó Loch an Iúir lá na scrúduithe agus ní dhearna sé scrúdú na céime riamh.

Ní dhearna sin dóchar ar bith dó áfach. Scríobh sé a shaith aistí agus gearrscéalta d’irisí ar nós ‘An tUltach’ agus ‘Comhar’.

Chaith sé roinnt blianta fosta i mbun aistriúcháin don Ghúm i gcuideachta Sheosaimh Mhic Grianna, ach tá sé ráite gur shíl Niall gur chuir obair an aistriúcháin seacht mbliana ar gcúl é mar scríbhneoir.

I measc a shaothair is iad ‘Na Glúnta Rosannacha’ agus ‘Forbairt na Gaeilge’ na leabhair is clúití a scríobh sé, ach is fríd an obair ar an fhoclóir Gaeilge-Béarla is mó atá cáil ar Niall. Is beag Gael ar fud na cruinne nach bhfuil foclóir Uí Dhónaill acu – ‘Biobla’ na Gaeilge atá ann ar go leor bealaí.

Chun aitheantas a thabhairt do Niall Ó Dónaill tá coiste cultúrtha Loch an Iúir i mbun tógra úir, faoi stiúr Eoghain Mhic Grianna, agus iad ag athchóiriú sheanteach Uí Dhónaill.

Dúirt Eoghan go raibh dhá cúis leis an obair:

“Bhí teaghlach Néill sásta an teach a thabhairt dúinn ar cíos fadtéarmach ionas go mbeidh muid ábalta áit a thógáil do mhuintir Loch an Iúir agus fiú daoine taobh amuigh den cheantar mar spás poiblí, go mbeidh ceardlanna, damhsaí, ranganna agus a leitheid ar siúl ann.

“Ta muid iontach bródúil as anseo i Loch an Iúir agus beidh an áit seo i gcónaí mar Theach Néill Uí Dhónaill ann."

Bhuail Meon Eile le hEoghan agus Phil Byrne agus iad i mbun oibre an tseachtain seo a chuaigh thart.

Teach Niall Ó Dónaill

Tá obair le déanamh go fóill ach tá Eoghan ag dúil go mbeidh an áit oscailte don phobal roimh mhí Iúil agus go mbeidh oíche mhór oscailte a eagrú acu le ceiliúradh a dhéanamh ar an éacht seo.

Close
Close