Faisean comhfhiosach

Bhí dearthóirí agus 'fashionistas' de gach sórt cois cuain ar na mallaibh do 'Seachtain Deartha Bhéal Feirste' a chríochnaigh ag an deireadh seachtaine agus bhí ceist mhór amháin i mbéal an phobail chruthaitheaigh seo: athúsáid ábhair. 

I measc na ndearthóirí a thug caint i rith na seachtaine bhí Síofra Caherty, bunaitheoir an stiúideo 'Jump the Hedges', nó 'Léim na Sconsaí' mar a chuireann sí air go neamhoifigiúil.

Tá aird Shíofra dírithe ar thrí ní; inbhuanaitheacht, feidhmiúlacht agus déantúsaíocht áitiúil. 

Bhuail Meon Eile le Síofra ina stiúideo le fáil amach cad é mar a thosaigh sí ag úsáid níos lú chun níos mó a chrúthú.

Le tuilleadh eolas a fháil faoi obair Shíofra, téigh go dtí http://www.jumpthehedges.com/about/ 

Close
Close