Séamas Mac Annaidh
Caithfidh go raibh féile litríochta á reachtáil ag duine éigin sna flaithis an mhí seo caite nó d’imigh triúr scríbhneoir uainn in aon seachtain amháin i mí Lúnasa.
Níor léigh mé riamh ach an t-aon leabhar amháin a scríobh Diarmuid Ó Gráinne, nó leis an fhírinne a rá bhí cuma chomh cancránach ar chuid de na hailt a d’fhoilsigh sé sna hirisí Gaeilge go raibh leisc orm aon rud eile leis a léamh.
Ach is ball de Chlubleabhar Choiscéim Feirste mé agus tháinig Aois na nIontas chugam sa phost maidin amháin anuraidh.
Cinn lae feirmeora atá ann agus cheapfá gur saol socair go maith a bheadh aige, an rud céanna lá i ndiaidh lae, ach níorbh fhada go dtáinig corr sa scéal.
Thug dochtúirí le fios dó go raibh ailse air.
Agus b’éigean dó glacadh leis an nuacht seo agus leanúint ar aghaidh leis an fheirmeoireacht.
Tá daonnacht agus ionracas sa scríbhínn seo a chuaigh go mór i bhfeidhm orm.
Seans mhaith go rachaidh mé ar ais chuig cuid de na leabhair eile a scríobh sé, am éigin.
Bhí cuma eile ar fad ar chuid scríbhínní Mhaidhc Dainín Uí Shé.
Nó má bhí cuma dhuairc ar scríbhínní Uí Ghráinne bhí greann agus spleodar i leabhair Uí Shé.
Agus ní amháin gur scríobh sé scéalta greannmhara taitneamhacha ba cheoltóir spraoiúil é chomh maith.
Agus ní raibh a fhios agam go dtí gur léigh mé alt mar gheall air san Irish Times gurb eisean athair Daithí Uí Shé.
Agus chomh maith leis sin bhí de chlú ar Mhaidhc Dainín gur thug sé bata agus bóthar do Pheig ó bhuanáitreabh a bhí aici ar shiollabas na hArdteiste.
Beidh glúnta scoláirí ar fud na tíre buíoch dó dá bharr.
Ach má bhí tábhacht leis an bheirt scríbhneoir thuas, agus is cinnte go raibh, bhain Seamus Heaney le réimse eile ar fad, mar ba léir nuair a cailleadh é.
Bhí meas an phobail aige agus chreid gach duine go raibh aithne acu air, bíodh nach mbíodh sé le feiceáil ar an teilifís go minic.
Seans mhaith go gceapann leithéid Gay Byrne, David Norris agus Bono go bhfuil clú agus cáil orthu agus go bhfuil aird an phobail acu ach is cinnte nach bhfuil an meas sin a bhí ar Seamus Heaney acu, agus ní bheidh go deo.
Ní mór dóibh ceist a chur orthu féin.
Cad é mar a d’éirigh le fear ciúin tuaithe ó Chontae Dhoire an oiread sin tionchair a bheith aige ar mhuintir na hÉireann?
Caithfidh go bhfuil meas ag muintir na tíre seo ar an léann, ar an ionracas, ar an fhilíocht féin go fóill, in ainneoin a bhfuil de chaint ann fá dhaoine cáiliúla rachmasacha.
Dúirt an t-iarUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa go dtáinig na deora léi nuair a chuala sí go raibh an duais Nobel buaite ag Heaney i 1995.
Rud nach gcuireann iontas ar bith orm.
Nó nuair a bhéas stair an fhichiú chéid in Éirinn á scríobh glúin nó dhó amach anseo sílim go n-aithneofar a thábhachtaí is a bhí cinneadh choiste Nobel.
Nó ní amháin gur scríobh Seamus Heaney focail a chaith solas ar phróiseas na síochána, creidim gur chuidigh an duais sin leis an phróiseas.
Bhí meas anois ar an dream a bhí thíos.
Thug Seamus Heaney misneach dúinn uilig.
Tá mé cinnte go rachaidh an fhéile litríochta sin sna flaithis ar aghaidh go ceann i bhfad, agus leoga, cad chuige nach rachfadh?!