Cuireadh ‘Éist leis an Éanfhlaith’, léiriú de chuid IMRAM, ar an stáitse in Áras Mhic Reachtain, Béal Feirste, Dé hAoine seo caite.
Bhí an léiriú mar chuid de ‘Tionscadal MARWAN’ a thug an file Marwan Makhoul go hÉirinn. File Palaistíneach is ea Marwan a bhfuil an-cháil ar a dhánta frithchogaidh; tháinig teideal an léirsithe ón leagan Gaeilge de cheann acu. D’aistrigh triúr filí Éireannacha - Áine Uí Fhoghlú, Louis de Paor agus Eibhlís Carcione - a chuid filíochta ón Araibis go Gaeilge. Léigh siad na leaganacha Gaeilge seo amach ag an léiriú agus d'aithris Marwan é féin na bunleaganacha Araibise d'achan dán.
Mar dhroichead idir an Araibis agus an Ghaeilge, bhí leaganacha Béarla d’fhilíocht Marwan a d’aistrigh Raphael Cohen in úsáid ag na filí i rith an phróisis aistriúcháin. Dá bharr sin, bhí Raphael i láthair le píosaí dá aistriúcháin a léamh chomh maith.
Agus na dánta á n-aithris acu go léir, bhí ceol nuachumtha le cluinstin ó Sheán Mac Erlaine agus cur i láthair le feiceáil taobh thiar díobh, curtha le chéile ag Margaret Lonergan.
Anuas air sin, reáchtáladh ceardlann in Ionad Seamus Heaney ní ba luaithe sa lá ar pléadh an t-aistriúchán agus an fhilíocht lena linn.
Labhair Meon Eile le hÁine Uí Fhoghlú agus Louis de Paor faoin léiriú agus faoin cheardlann. Bhí deis againn labhairt leis an fhile Annemarie Ní Churreáin fosta faoin bhaint a bhí aici le 'Tionscadal MARWAN'.