‘Drámaí 10 mBomaite’ le Drámadóirí Bhéal Feirste

Cuireadh roinnt drámaí os comhair an lucht féachana i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, ar na mallaibh mar chuid den imeacht ‘Drámaí 10 mBomaite’ le Drámadóirí Bhéal Feirste (Belfast Playwrights).

Bíonn Drámadóirí Bhéal Feirste ag tacú le scríbhneoirí, stiúrthóirí agus aisteoirí sa chathair agus ar fud an Tuaiscirt, iad ag tabhairt deiseanna dóibh a gcuid oibre a fhorbairt agus a chur i láthair.

Is í Heather Martin, arb as an Astráil ó dhúchais di, a bhunaigh Belfast Playwrights anuraidh. Eagraítear na himeachtaí ‘Drámaí 10 mBomaite’ go rialta trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla agus tá ag éirí go hiontach leo.

Labhair Meon Eile leis an aisteoir óg as Béal Feirste, Eve Ní Thuama, atá ag dul ar ardán ó bhí sí óg. D’fhreastail Eve ar Aisling Óg sa Chultúrlann le blianta agus le déanaí bhí ról aici sa tsraith úr de Blue Lights.

D’inis sí dúinn faoi chuid de na drámaí a bhí le feiceáil ar an oíche agus mhol sí Drámadóirí Bhéal Feirste as an obair a dhéanann siad chun tacú leis na healaíona Gaeilge.

Scríobh Fergus Keane ceann de na scripteanna, ‘Stailc na gCarachtar’, a léadh ag an ócáid. D’inis sé dúinn faoin dráma grinn s’aige agus faoin eispéireas dearfach a bhí aige le linn ‘Drámaí 10 mBomaite’ agus é ag tabhairt cuairt ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich den chéad uair riamh.

Close
Close