Dhá thaispeántas nua sa Chultúrlann

Seoladh dhá thaispeántas nua ar na mallaibh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste.

Sa dá ghailearaí, Dánlann Dillon agus Na Ballaí Bana, atá na taispeántais, 'Dreamland' le Lorna Corrigan agus 'Mar a deir an seanfhocal' le Emily McGardle, le feiceáil faoi seach i láthair na huaire.

Thug Meon Eile cuairt ar sheoladh na dtaispeántas agus labhair muid le Emily McGardle, ealaíontóir as Muineachán, a bhí ar bís go raibh saothar s'aici á chur i láthair don phobal i mBéal Feirste.

I saothar Emily tá réimse leathan d’ábhair agus de phróisis i gceist. Cuirtear béim ar an nasc atá againn sa tír seo le seanfhocail i dtaca leis an nádúr agus leis an chaidreamh atá againn lenár gcorp. Is as ceantar tuaithe í Emily agus tá sí paiseanta faoin dáimh láidir atá aici le hainmhithe agus leis an dúlra, rud a léirítear ina cuid oibre.

Beidh an dá thaispeántas sa Chultúrlann go dtí an 24 Deireadh Fómhair.

Close
Close