Cosnaímis an cultúr

Cosnaímis an cultúr

Concubhar Ó Liatháin

“Ní smaoineamh ródhúr é, Oíche Chultúir!”

B’shin na línte tosaigh a bhí agam ar véarsaí neafaiseacha (féach thíos) a chumas roinnt blianta ó shin le haghaidh ócáid Oíche Chultúir i mBaile Mhúirne agus rith siad liom arís ag an deireadh seachtaine agus mé ag freastal ar ócáid Oíche Chultúir eile i mBéal Feirste.

Ar an ardán bhí beirt amhránaí traidisiúnta ón mBriotáin agus bhí slua rinceoirí os a gcomhair ag baint taithnimh as ceann de na damhsaí ársa ónár gcomh-Cheilttigh ar an mhór-roinn.

Níorbh fhada go rabhas féin amuigh ag déanamh cúpla steip le mo bhean chéile.

Bhí spleodar sa chathair a thug mé faoi ndeara nuair a rabhas ar mo shlí chuig Tabhairne an Sunflower mar a raibh Ráidió Fáilte ag beochraoladh uaidh níos túisce le linn an lae – sea, ní smaoineamh ródhúr ‘Oíche Chultúir’.

Ar fuaid na cathrach bhí dánlannaí is eile ar oscailt go mall, ina measc Dánlann Gerard Dilllon agus na Ballaí Bána sa Chultúrlann, le ligint do dhaoine blaiseadh de na taispeántais sna hionaid ealaíne. 

An teoiric ar a chúl seo, gur minic nach féidir le daoine an saol cultúrtha thart orthu a bhlaiseadh mar go mbímid róchúramach lenár ngnóthaí lá go lá.

Ag an am céanna, ardaítear sinn ón tranglam laethúil nuair a fheicimid saothar ealaíne, nuair a thugaimid cluas do dhán, píosa ceoil nó amhrán nó nuair a dhéanaimid, mar a dheineas, steip rince.

An rud is annamh is iontach – ní gá ach fiafraí de mo bhean chéile!

Ar chúl an spleodair seo ar fad, áfach, tá ceist chrua dár bpolaiteoirí.

Is minic go mbíonn na ceannairí céanna ag maíomh os ard faoin saol breá cultúrtha atá againn agus chomh luachmhar is atá saothar filíochta ó phinn leithéidí Seamus Heaney, Gearóid Mac Lochlainn nó Cathal Ó Searcaigh nó físealaíon den chineál atá le feiscint i dtaispeántas an Earagail sa Chultúrlann nó an sárshaothar ó dhaltaí Choláiste Feirste sna Ballaí Bána.

Nó amhránaíocht Ghráinne Holland is piobaireacht John McSherry.

Ach a luaithe is a bhíonn an ócáid ealaíne thart ag a dtugann siad an óráid béalchráifeach úd, seo leo ar ais chun na hoifige chun, in éineacht lena statseirbhísigh, ciorrú a dhéanamh ar na healaíona céanna.

Faoi láthair tá institiúidí cultúir is ealaíne ar fud na sé chontae ag beartú ciorruithe de bharr gur sheol an Roinn Cultúir, Ealaíon is Foillíochta ó thuaidh litir go dtí An Chomhairle Ealaíon ó thuaidh ag éileamh ciorrú breise, anuas ar chiorrú 10% ag tús na bliana, ar chaiteachas roimh dheireadh na bliana seo.

Is cinnte go mbeidh ciorrú dá bharr ar bhuiséid teanna na n-ionad cultúir ar fuaid na sé chontae.

Cinnte tá go leor tosaíochtaí práinneacha i réimsí an oideachais agus na sláinte ar cheart cúram a dhéanamh díobh – ach an gá gur ar chultúr i gcónaí is túisce a thitfeadh an tua?

Ní raibh Oíche Chultúir ach gafa thart anuraidh nuair a fograíodh go raibh an ciste beag a bhí á mhaoiniú á tharraingt siar ag Turasóireacht Thuaisceart Éireann.

Ar ndóigh ní bheadh aon deacracht ciste ollmhór a chur ar fáil le haghaidh urraíocht ar Chomórtas Galf Oscailte na hÉireann le duaiseanna ollmhóra a chur ar fáil do na laochra spóirt is saibhre ar chlár na cruinne…

Deirtear linn gur fiú na céadta milliún euro an tuairisciú a mheallann a leithéid ar theilifís ar fuaid an domhain – ach má tá sin fíor, tá sé chomh fíor gur buaine agus gur spleodraí arís an t-aitheantas atá ag an tír seo ar fuaid na cruinne as ár saibhreas litríochta agus saíochta.

Creidim go ndíolann polaiteoirí an cultúr faoina luach i gcónaí mar go gcreideann siad go leanfaidh daoine orthu ag soláthar agus ag spreagadh fiú má ghearrann siad siar go smior an maoiniú.

Leanfaidh daoine orthu ag cumadh ‘cultúir’ go gcinnte mar is é sin an rud a spreagann sinn le leanúint orainn sa saol, ag obair agus ag sclabhaíocht ar son, mar shampla, fiacha na mbanc a bhris an tír a íoc ar a son.

Nó le cinntiú go mbeidh pinsean breá ag fánacht ar ár statseirbhísigh is polaiteoirí nuair a chríochnaíonn siad lena gcúram.

Le linn na seachtaine seo caite, mar shampla, nuair a tháinig an tAire Sláinte ar ais ar feadh cúpla nóiméad sarar éirigh sé as arís ar mhaithe le seift pholatúil Peter Robinson, chuir Simon Hamilton a shíniú le caipéis a cheadódh caiteachas ar dhrugaí a chuideodh le hothair ailse. Maith é!

Ach ritheann an smaoineamh liom go bhféadfaí polaiteoirí a íoc de réir na bpíosaí oibre a dhéanann siad agus go mbeimís go léir níos fearr as – cothrom an ‘zero hour contract’.

Más áiféiseach an moladh sin, déan do mhachnamh seal nó is ar an mbonn sin a bhíonn go leor sa réimse cultúrtha ag saothrú a dtuarastail. 

Ar chlár raidió le linn na seachtaine, bhí duine ag moladh gur cheart na healaíona a dhímhaoiniú ar mhaithe le hairgead a chur ar fáil do theifigh ón tSiria.

Cinnte tá na teifigh ón tSiria i ngatar agus ár gcabhair tuillte acu.

Ach is túisce a thugann lucht cultúir cabhair ná aon dream eile.

Bhí an Chultúrlann lán go doras go dtí cúpla lá ó shin d’ábhar a bailíodh ar son na dteifeach agus an tseachtain seo caite bhailigh plúr cheoltóírí Bhéal Feirste le chéile chun ceolchoirm a dhéanamh ar son na dteifeach sa Sunflower.

Ní bhfuair aon cheoltóír íocaíocht as sin – ach chuaigh an brabús ar fad chuig cúis na dteifeach.

Ní hé go bhfuil buíochas á lorg as sin – ach ba cheart dúinn go léir bheith airdeallach nach ndéanfar íobartach arís eile as saol leochailleach an chultúir ar altóir na polataíochta.

 

Oíche Cultúr

 

Ní smaoineamh ródhúr

An oíche chultúir

Is aoibhinn liom féin

Ealaíon gan péin!

Oíche sa bhliain

Ar a shásaítear [nach mór] gach mian.

 

Anseo cois cuain

Ní an Bhé ina suan

Spreagann sí sinn

Bheith ag ceol linn go binn

Ag léiriú drámaíochta

Is ag cumadh filíochta!

 

Ná cuir as an áireamh

Bheith ag rince ar stáitsibh

Agus tá inár ndúchas ar ndóigh

Amhránaíocht ar an sean-nós

Is nach as smidiríní

A chumtar agallaimh is lúibíní?

 

Is mór liom an deis

Freastal ar thaispeántas nó feis

Ní miste liom a rá

Gur mhaith liom é gach lá

Mar ní smaoineamh ródhúr

An Oíche Chultúir!

Close
Close