Comórtas na Lúibíní - Scéal beirte

An tseachtain seo caite bhí físean againn de bhuaicphointí Oireachtas na Gaeilge 2014. Is é an tOireachtas an fhéile is mó sa bhliain do na Gaeil, féile a dhéanann ceiliúradh ar chultúr, traidisiún agus teanga na tíre trí chomórtas agus spraoi.

Inniu tá muid ag caitheamh súl ar chomórtas na Luibíní agus ag leanúint beirt iomaitheoir, Eoin Ó Murchú agus Cillian Ó Braonáin, atá ag glacadh páirte sa chomórtas don chéad uair ariamh.

Rinne an bheirt an cinneadh cur isteach ar an chomórtas i mbliana tar éis bheith sa chlár grinn ’An Gaeilgeoir is Greannmhaire – GIG’ ar TG4 agus iad ag iarraidh tabhairt faoi dhúshlán úr.

Agus an cleachtadh uilig déanta acu, cén dóigh a n-éireoidh leis an bheirt seo gan taithí?

Comórtas na Lúibíní - Oireachtas na Gaeilge 2014
Close
Close