Comóradh Cuimhneacháin 25 Bliain - Seosamh Mac Grianna

Bhí deireadh seachtaine ar dóigh ag Áislann Rann na Feirste nuair a rinneadh comóradh cuimhneacháin 25 bliain ar shaol agus ar shaothar Sheosaimh Mhic Grianna.

Aithnítear Seosamh mar dhuine de mhórscribhneoirí na hathbheochana agus tá áit bhuan greanta aige dó féin i stair litríocht na Gaeilge.

Bhí daoine as gach cearn den tír i Rann na Feirste don cheiliúireadh le go leor léachtaí ar théamaí difriúla agus ar ghnéithe éagsúla de shaol an scríbhneora.

Fuair muid féin deis labhairt le beirt as an cheantar, Vince Ó Domhnaill nó Vince Shíle agus Danny Mac Grianna nó Danny Néidí Frank, le fáil amach cén aithne a bhí acu ar Sheosamh agus labhair muid fosta le Fionntán De Brún a scríobh leabhar ar an údar aitheanta.

Seo a bhí le rá acu..

Comóradh Cuimhneacháin 25 Bliain Seosamh Mac Grianna
Close
Close