Ceoltóirí na gContaetha - Gearóid Ó Deoráin

Is as Contae Ard Mhacha d'aoi na seachtaine seo sa tsraith, 'Ceoltóirí na gContaetha'.

Is ceoltóir as an Mhullach Bán é Gearóid Ó Deoráin atá anois ina chónaí ar an tSrath Bhán i gContae Thír Eoghain, áit a bhfuil sé pósta agus beirt clainne air.

Tá traidisiún láidir ceoil i dteaghlach Ghearóid agus bhí tionchar mór ag a cheantar dúchais, Oiriall, air i dtaca leis an spéis atá aige san amhránaíocht thraidisiúnta.

Is iomaí samhradh a chaith Gearóid sa Ghaeltacht i dTeileann, áit ar spreagadh a ghrá don Ghaeilge agus an ceol arís eile.

Is múinteoir é Gearóid i nGaelscoil Uí Dhochartaigh ar an tSrath Bhán agus tá sé mar sprioc aige a chuid ceoil a thabhairt ar aghaidh dá pháistí féin agus do na daltaí sa Ghaelscoil.

Close
Close