Ceiliúradh Cois Cuain: buaiteoirí Ultacha an Oireachtais

Bhí seachtain stairiúil ag Gaeil Bhéal Feirste le linn Oireachtas na Samhna 2025. Ní hamháin gur reáchtáladh an mhórfhéile sa chathair den chéad uair ó bhí Comhaontú Aoine an Chéasta ann, agus tháinig corn áirithe de chuid an Oireachtais go Béal Feirste den chéad uair ariamh chomh maith.

Is ar an bhuaiteoir i gcomórtas cáilithe na Scéalaíochta a bhronntar Corn Bhab Feiritéir gach bliain. Bhain daoine as Béal Feirste an comórtas áirithe seo sna 1960idí agus sna 1970idí ach ar chúis éigin - baol na coimhlinte, seans - níor tugadh cead dóibh an corn a thabhairt ar ais abhaile leo.

Cuireadh sin ina cheart i mí na Samhna nuair a tháinig Séamas Ó Donnghaile, Feirsteach bródúil atá ina phríomhoide ar Bhunscoil Mhic Reachtain agus ina chathaoirleach ar Chumann Chluain Árd, sa chéad áit sa chomórtas agus thug Corn Bhab Feiritéir leis ar an lá.

Ina dhiaidh sin d’eagraigh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich an t-imeacht ‘Ceiliúradh Cois Cuain’ do dhaoine as cúige Uladh a bhain duaiseanna ag an Oireachtas. Bhí deis ag an phobal éisteacht arís le scéalta Shéamais, le hamhráin le Dónall Mac Murchaidh, le haithriseoireacht ó Ultán Ó Domhnaill, agus le lúibíní Chaoimhe Ní Chathail agus Róise Nic Corraidh.

Amharc an scéal iomlán san fhíseán.

Close
Close