Ceiliúradh, Ceol agus Comhluadar ag Oireachtas na Gaeilge 2014

Beagnach 10,000 duine a thug aghaidh ar Oireachtas na Gaeilge 2014 i mbaile Chill Airne, Contae Chiarraí, ag an deireadh seachtaine. Rinneadh ceiliúradh ar chultúr na Gael le comórtais, ceardlanna, cuideachta, ceol, díospóireachtaí agus Club na Féile.

Thug Nell Ní Chróinín as Béal Átha an Ghaorthaidh príomhdhuais na féile, Corn Uí Riada, léi oíche Shathairn. Tá Nell ar an bhuaiteoir is óige riamh ar an chomórtas clúiteach.

I measc na mbuaiteoirí ar na comórtais mhóra eile, thug Seán Seoige as Conamara an chéad duais leis sa chomórtas damhsa ar an Seán-Nós. Bhuaigh Páid Ó Neachtain agus a bhean Bróna Ó hUallacháin as an Spidéal comórtas Lúibíní na Bliana seo. Thug Brídanna Ní Bhaoill as Rann na Feirste an chéad duais léi sa chomórtas Dreas Cainte.

Bhí Meon Eile i measc na cuideachta i gCill Airne. Seo chugaibh buaicphointí ón chuid is fearr den cheol, craic agus na comórtais ó Oireachtas na bliana seo.

Oireachtas na Gaeilge 2014
Close
Close