Ceardlann idirnáisiúnta an tionscadail 'Céad Míle Fáilte'

Eagraíodh ceardlann álainn ar na mallaibh in Anam, caifé nua Ghlór na Móna in Iarthar Bhéal Feirste, le fáilte mhór a chur roimh na pobail nua in Éirinn.

Is tionscadal de chuid Chonradh na Gaeilge é 'Céad Míle Fáilte' atá dírithe ar an Ghaeilge agus ar an chultúr Ghaelach a spreagadh i measc na dteifeach, na n-imirceach agus lucht iarrtha tearmainn. Seoladh an tionscadal mí Bealtaine na bliana seo agus tá sé ag dul go tréan ó shin. 

Ceiliúradh agus malartú cultúir a bhí i gceist leis an cheardlann. Léigh roinnt filí áitiúla a gcuid dánta féin ar ábhar an fhrithchiníochais. D'éascaigh Gráinne Holland ceardlann amhránaíochta agus chuir mná ó phobal na Súdáine ceol agus damhsa i láthair agus a bhfeistis thraidisiúnta á gcaitheamh acu. D'ullmhaigh duine de na mná ón phobal chéanna bia galánta don imeacht chomh maith.

Bhí Glór na Móna ar bís le bheith ag obair le Conradh na Gaeilge ar mhaithe leis an cheardlann shultmhar thábhachtach seo a óstáil agus le fáilte a chur roimh ár bpobail nua.

Labhair muid le Connlaith Ní Raifeartaigh ó Chonradh na Gaeilge agus le hEoghan Ó Garmaile ó Ghlór na Móna faoin tábhacht a bhaineann le himeachtaí mar seo a eagrú. Bhí an deis againn labhairt le Walaa Mohamed chomh maith, bean a d'fhreastail ar an cheardlann agus a bhain an-tairbhe as an fháilte agus an teacht le chéile.

Close
Close