Chuir Cumann Gaelach Ollscoil na Banríona fáilte roimh Mháire Ní Churraoin an tseachtain seo caite agus ar cuairt ann le ceardlann amhránaíochta a éascú.
Is amhránaí í Máire as Gaeltacht na Mí a bhfuil clú uirthi ar líne mar gheall ar an ábhar a dhéanann sí trí mheán na Gaeilge agus a cuid amhránaíochta ar an tsean-nós.
Labhair sí le Meon Eile i ndiaidh na ceardlainne faoin amhrán a mhúin sí don ghrúpa a bhí i láthair, faoin sprioc a bhíonn aici le linn a ceardlann, agus faoi thábhacht na n-amhrán traidisiúnta.
Eagraíodh an cheardlann mar chuid de chlár Fhéile Mhic Artúir a bhíonn á reáchtáil go bliantúil ag an Chumann Ghaelach in ómós dá bhunaitheoir, William Mac Artúir. Bhí uachtarán an Chumainn, Maithín Ó hÁgáin, ar fáil ar an oíche le labhairt linn faoi seo chomh maith


