Burlesque - Ré úr dhamhsa in Éirinn

Tá beirt bhan óga i mbun gnó nua agus ag spreagadh ré úr dhamhsa ag an am céanna.

Tá Elise Ní Bhraonain agus Kate Finegan ag teagasc ranganna damhsa ar an stíl Burlesque i mBarra an Teampail, Baile Átha Cliath, ó bhí mí Feabhra ann trína gcomhlacht ‘The Performance Lounge’.

Chas an bheirt ar a chéile i nDún Éideann agus iad ar an choláiste. Tá siad iontach mór lena chéile ó shin siocair an grá atá acu don damhsa, agus an stíl burlesque ach go háirithe.

“Is tríd an stíl seo a dhéanann muid ceiliúradh ar mhná. Tá muid ag iarraidh go mbeidh mná muiníneach agus bródúil as a gcorp. Níor chóir go mbeadh náire ort faoi do chorp,” a dúirt Kate.

Tá an stíl damhsa burlesque ag gabháil ó neart go neart agus é le feiceáil go suntasach anois i saol na n-ealaíon anseo in Éirinn, san fhéile bhliantúil ‘Miss Burlesque Ireland’ san áireamh.

Ghlac Kate pháirt sa chomórtas anuraidh agus bhain sí ‘Miss Burlesque Dublin’, rud a bhfuil sí fíor-bhródúil as.

Tá Kate agus Elise ar ais i mbun teagaisc arís Déardaoin seo chugainn (17ú) sa ‘Temple Lane Studios’ i mBÁC agus iad ag cur fáilte roimh mhná teacht agus triail a bhaint as.

“Is giota spraoi atá ann, bíonn an-chraic againn agus is dóigh iontach le bheith aclaí é fresin,” arsa Kate.

Ranganna Burlesque

Chun níos mo eolais a fháil, amharc ar an nasc atá thíos.

Close
Close