Bualadh Bos go Léir!
Le Máire Zepf
Nach deas an fear é Daidí na Nollag? Tá sé lách, mórchroíoch, cineálta. Bliain i ndiaidh na bliana, sáraíonn sé fuacht, tuirse agus taisteal garbh chun aoibh an gháire a chur ar aghaidheanna pháistí beaga ar fud an domhain. Agus déanann sé an éacht seo gan teip agus gan gearán. Is é an mhaitheas i gcolainn dhaonna é, an fear flaithiúil féasógach.
Nó ar smaoinigh tú ariamh faoina thaobh dorcha? Ar cheistnigh tú riamh údaras an cóta dearg sin? An bhfuil grainín beag amhrais ag creimeadh ort faoina iompar, a mhodhanna nó a shiombalachas? Is daoine fásta anois muid, agus tá cead againn ceistniú gan eagla nach mbeidh romhainn ach gual maidin Nollag. Chuala mé go leor daoine cráifeacha ag gearán gurb é Daidí na Nollag ionadaí an Naoimh, é ag truailliú am naofa le dúil sa tomhaltachas – Playstation in áit paidreacha agus Little Mix in áit an leanbh Íosa. Ach is daonnachaí mise, agus ní chuireann ‘glaine’ na féile isteach ná amach orm.
Ach, tá cúpla gné eile den fhear mór a chuireann driuch craicinn orm. Ceann acu an daorbhreithiúnas. ‘An raibh tú maith i mbliana? Tá Daidí na Nollag ag coimhead ort an t-am ar fad. tChí sé thú. B’fhéidir go bhfuil tú ar an liosta dána. Agus má tá, ní bhfaighfidh tú bronntanais…’ Ar ndóigh, bíonn gach páistí maith agus olc. Ní bhíonn lá ann gan troid le do dhearthair nó bréag a inse do do dheirfiúr nó briosca Nollag a sciobadh ón chistin. Úsaideann tuismitheoirí Daidí na Nollag mar smachtóir agus mar bhagairt. Seo rud a fhagann páistí faoi uallach an náire agus na ciontachta. Is cúis buartha in áit áthais é. I bhfírinne, is mac tíre in éadaí uain é Daidí na Nollag.
Fadhb eile atá agam leis ná go ndéanann sé bréagadóirí dúinn uilig. Ní bréaigín bheag bhán í seo, cosúil le bheith ag inse do d’aintín Nóra go dtaitníonn an scaif leat a chniotáil sí duit. Is bréag mhór mhíofar í a éiríonn níos mó agus níos casta gach bliain agus páistí ag éirigh níos sine. Cad faoin iontaobh idir páiste agus tuismitheoir? Cad faoin mhuinín go bhfuil daoine fásta ag cuidiú leat an saol a thuiscint mar is gceart, ag freagairt do cheisteanna agus ag déanamh ciall den domhain mór thart ort? Deir siceolaithe gur féidir leis an mór-bhréag lofa seo damáiste dochóirithe a dhéanamh don chaidreamh muiníneach seo. Ní amháin go n-insíonn muid bréaga ach tugaimid fianaise daofa – litreacha scríofa ag an fear mór, píoga mionra leath-ite, agus na bréagáin iad féin. Fiú mas mian leo bheith eolaíoch faoi, is léir gur ann do Dhaidí na Nollag.
An rud deas fá nósanna na Nollag ná gur féidir linn iad a chumadh agus a mhúnlú ar dhóigheanna a théann lenár gcuid luachanna féin. Smaoiním siar ar Dhaidí na Nollag s’againne mar pháiste. Gaeilgeoir go smior a bhí ann, fear nach raibh ábalta Béarla a thuiscint ná a léamh. Bhí dúil aige in ábhar ealaíone agus ceardaíochta, leabhair Gaeilge agus féiríní beaga smaointeacha. Nuair a chuir mé ceist ar mo thuismitheoirí cad chuige nár fhág sé babógaí Disney agus fís-chluichí dúinne an dóigh a rinne sé do mo chairde, mhínigh siad gur Daidí na Nollag gaelach a bhí againn, seachas gnáth-cheann an Bhéarla. Mhothaigh mise fíor-speisialta go raibh ár nDaidí na Nollag féin againne.
An bhfuil sé in am iompar Dhaidí na Nollag a ghlanadh suas? É a thabhairt suas chun dáta le luachanna ár linne agus cineáltacht ár gcuid tuismitheoireachta? Ní chaithfidh Daidí na Nollag a bheith daorbhreithiúnach. Is féidir inse do pháistí go bhfuil grá aige do ghach pháiste agus go n-aithníonn sé go bhfuil siad ag déanamh a ndícheall gach lá. Is féidir é a chur ina cheiliúradh orthu in áit ina bhagairt. Fosta, is féidir bronntanais a cheannacht a chloíann lenár gcuid luachanna féin agus le suimeanna ár bpáistí. Is féidir duine dearfach a dhéanamh de. Tá uasghrádú toillte ag an fear bocht, b’fhéidir.
Ach cad faoin bhréag ábhalmór seo? Deirtear go bhfuil praghas taobh thiar de ghach draíocht. An fiú é a íoc má dhéanann sé bréagdóirí dúinn os comhair ár bpáistí? Beidh ar ghach tuismitheoir an cheist sin a fhreagairt dóibh féin, ach sílimse gur féidir an dochar a laghdú cibé. Sílim nár chóir dul thar fóir leis an ‘fianaise’. Ní gá lorg cosa súiche a chuir ar an ruga cois tine ná físeáin a dhéanamh a thaispeánann Daidí na Nollag i do teach féin. Agus nuair a thosnaíonn siad ag ceistniú, b’fhéidir gurb fhearr ‘cadé do bharúil féin?’ in áit tuilleadh bréaga. Ag deireadh an lae, tá páistí ar thuras tabháchtach intleactúil i dtreo an réasuin agus muid ag tacú leo. Nuair a thosnaíonn na ceisteanna fá Dhaidí na Nollag ag méadú agus ag fás, is comhartha aibíochta é. Nuair a oibríonn siad amach nach féidir leis bheith fíor, is gaisce pearsannta é. Domsa, ar scor ar bith, tá sin draíochta.