Buaiteoirí Chomórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge fógartha

Bhí Liam Mac Cóil, Orna Ní Choiléain, Mícheál Ó Ruairc agus Mícheál Ó Conghaile i measc na mbuaiteoirí móra ag Comórtais Liteartha an Oireachtais i bPáirc an Chrócaigh aréir.

Bronnadh duaischiste €26,000 ar bhreis is caoga scríbhneoir i mbreis is fiche rannóg éagsúil, ón ghéarrscéalaíocht, ficsean agus filíocht, go scríbhneoireacht scripte, iriseoireacht, cumadóireacht amhráin agus agallamh beirte.

Is é Liam Mac Cóil a thóg leis an gradam don úrscéal ficsin is fearr agus duais €3,000 lena chois don leabhar ‘I dTír Strainséartha’. B’iad Míchéal Ó Conghaile, Stiúrthóir Chló Iar-Chonnacht agus Orla Ní Choiléain a thug na príomhdhuaiseanna leo i gcatagóirí fhicsean na ndaoine óga.

Thóg Rosanna Lyons trí dhuais léi ar an oíche, an dara háit sa chatagóir ficsin, duais i gcomórtas fhicsean na ndaoine óga agus duais as aiste a scríobh fá bhlianta na hAthbheochana.

Níor éirigh ach le scríbhneoir amháin eile an t-éacht céanna a bhaint amach – sin Seán Ó Muimhneacháin a bhain an líon céanna duaiseanna amach, an duais sa chumadóireacht amhrán agus agallamh beirte san áireamh.

Liam Mac Cóil a thóg leis an gradam don úrscéal ficsean is fearr
Liam Mac Cóil a thóg leis an gradam don úrscéal ficsean is fearr

“Tá scríbhneoirí den scoth ag feidhmiú trí Ghaeilge agus tugann na gradaim seo deis dúinn na scríbhneoirí sin a cheiliúradh. Tugann sé lúchair dúinn tacaíocht leanúnach a chur ar fáil do na comórtais seo,” arsa Liam Ó Maolaodha, stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge.

Chítear sna torthaí go bhfuil cuid mhór scríbhneoirí nárb as Baile Átha Cliath dóibh ag cur fúthu san ardchathair. Níl aon bhuaiteoir i gcomórtais na nDaoine Fasta ná ná nDaoine Óga ag cur futhú i dTuaisceart na hÉireann.

I gcomórtas liteartha na ndaoine fásta, chuaigh: 15 duais go cúige Laighean (12 go BÁC), seacht nduais go cúige Chonnacht, ceithre dhuais go cúige Uladh (Dún na nGall agus Muineacháin) agus sé dhuais go cúige Mumhan.

Bhí scríbhneoirí óga ó gach cearn den tír i láthair ag bronnadh na ngradam chomh maith le duaiseanna a bhailiú sna catagóirí do dhaoine óga.

Neasa Bheáid ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair a bhfuair céad duais Filíochta faoi-21
Neasa Bheáid ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair a bhfuair céad duais Filíochta faoi-21

I gcomórtas Liteartha na nDaoine Óga, chuaigh sé dhuais go cúige Uladh (Dún na nGall amháin), seacht nduais go Baile Átha Cliath, trí dhuais go cúige Mumhan agus buaiteoir amháin as cúige Chonnacht (Indreabhán).

Tá Comórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge ar an fhód ón bhliain 1897 agus is iad na comórtais liteartha Ghaeilge is iomráití dá bhfuil ann.

Tá cuid de mhórscríbhneoirí an chéid seo caite, Pádraig Mac Piarais, Máirtín Ó Cadhain agus Nuala Ní Dhomhnaill, i measc iar-bhuaiteoirí na gcomórtas.

Tá liosta iomlán na mbuaiteoirí le fáil ag an nasc seo.

Close
Close