Bailiúchán 400 uair an chloig de Ghaeilgeoirí Bhéal Feirste le bronnadh

Bronnfaidh Marcas Ó Murchú bailiúchán fuaime 400 uair an chloig a rinne sé de Ghaeilgeoirí Bhéal Feirste thar thréimhse dhá scór bliain ar phobal na bhFál ag Fleadh Feirste i mbliana.

Ó laethanta a óige, thaifead Marcas imeachtaí i saol na Gaeilge ar chaiséad – ócáidí i gCumann Chluain Ard, tús an Ghaeloideachais ar Bhóthar na bhFál, luathlaethanta Bhóthar Sheoighe, ceolchoirmeacha, oícheanta airneáil agus go leor eile lena chois.

Tá 2,000 gearrthóg fuaime agus 400 cainteoir Gaeilge taifeadta i mbailiúchán Mharcais. Cuirfear an bailiúchán ar fáil saor in aisce don phobal i mBéal na Carraige faoi bhun Choláiste Feirste.

Chaith Meon Eile tráthnóna i gcuideachta Mharcais, thug sé spléacadh dúinn ár ábhar an bhailiúcháin, caint na rannpháirtithe agus an tslí inar thug sé faoin bhailiúchán luachmhar seo a chur i dtoll a chéile…

Bailiúchán Mharcais

Ní hé seo an chéad bhailiúchán atá bronnta ag Marcas Ó Murchú.

Cúpla bliain ó shin, bhronn Marcas bailiúchán de cheol traidisiúnta 1,200 uair an chloig ar Thaisce Cheol Dúchais Éireann i mBaile Átha Cliath. Tá eagar á chur ar an bhailiúchán seo faoi láthair sula gcuirfear ar fáil don phobal é sna blianta amach anseo.

Close
Close