Bíodh bród orainn!

Feachtas Bród Club de chuid Bernard Dunne
Feachtas Bród Club de chuid Bernard Dunne

Katie McGreal

Is í an Ghaeilge teanga dhúchais na hÉireann ach, de réir Dhaonáireamh 2011, tá cumas sa teanga ag níos lú ná leath de mhuintir an Deiscirt.

Tá ár dteanga féin againn agus labhraíonn 40.6% de phobal an stáit í. Is ceart go mbeimid bródúil as ár dteanga agus ár gcultúr agus go dtógaimid ar bord í agus ní ceart go mbíonn náire orainn fuithi.

Chuala mé mic léinn ó Bhaile Átha Cliath ar an raidió ag rá go mbreathníonn daoine orthu go haisteach má labhraíonn siad Gaeilge.

Dúirt cara liom é sin freisin agus cé nár tharla sé domsa riamh, bíonn iontas ar dhaoine i gcónaí nuair a chloistear go bhfuil Gaeilge agam. Cén fáth ar rud aisteach é go bhfuil teanga dhúchais na hÉireann ag muintir na hÉireann?

Léigh mé píosa san Irish Times le déanaí faoi cheoltóirí na hÉireann. Scríobh John Waters faoi na ceoltóirí traidisiúnta Séamus Ennis, Davy Spillane, Liam Óg Ó Flynn agus mar sin, ag maireachtáil thar lear toisc nach féidir leo maireachtáil mar cheoltóirí traidisiúnta anseo in Éirinn.

Níor chuir an t-alt seo iontas ar bith orm toisc nach raibh aithne agam ar éinne ar chomhaois liom a raibh suim acu sa cheol traidisiúnta go dtí dhá bhliain ó shin. An chéad uair ina raibh mé i dteach tábhairne le ceol traidisiúnta le cairde liom ná nuair a bhí mé ar thuras ollscoile i Luimneach.

Bhíomar ag siúil thart ag lorg pionta ach chomh luath is a chuala gach duine an ceol traidisiúnta sa teach tábhairne ina rabhamar, dúirt siad go raibh orainn imeacht.

Bhí mé ag Féile Joe Éinniú i gConamara le déanaí agus nuair a dúirt mé le leaid éigin san oifig go raibh an dá lá de cheol agus damhsa traidisiúnta iontach, dúirt sé liom gur abairt ‘fhrithráiteach’ a bhí ansin.

Chaitheamar 800 bliain faoi smacht Shasana, a chuir siad cosc ar an nGaeilge, agus sin an fáth bunúsach nach bhfuil Gaeilge mar theanga laethúil ag an chuid is mó de mhuintir na hÉireann.

Ach rinneadar an rud céanna sa Bhreatain Bheag agus thall ansin, tá Breatnais le feiceáil i ngach áit, fiú ar shráideanna siopadóireachta agus i siopaí móra cosúil le Tesco.

Anseo in Éirinn, bíonn iontas orainn má tá Gaeilge ar aon fhógra príobháideach. Is cuimhin liom an chéad uair ar úsáid mé ATM Banc Uladh as Gaeilge agus bhí iontas orm go raibh an rogha sin ann.

Ba theanga thábháchtach í an Ghaeilge sna meánaoiseanna. Bhain cúlú do neart teangacha ag an am sin ach tháinig roinnt mhaith acu ar ais.

Fuair an Ghearmáinis agus an Pholainnis an lámh in uachtar ar an tSeicis, mar shampla, ach tháinig an tSeicis ar ais agus anois is príomhtheanga Phoblacht na Seice í.

Fuair ar a laghad milliún duine bás le linn an Ghorta Mhóir anseo, daoine bochta (ie cainteoirí Gaeilge) an chuid is mó dóibh sa 19ú haois.

Deirtear go raibh baint ollmhór aige sin le meath na Gaeilge.

Ag an am céanna, san Fhionlainn ba í an tSualainnis teanga an airgid agus ba í an Fhionlannais teanga na ndaoine bochta (mar a bhí sé anseo in Éirinn). Ach sa chás sin, d’éirigh le muintir na Fionlainne an Fhionlannais a fháil ar ais agus a choinneáil mar theanga labhartha na tíre.

Céard a tharla dúinn? Cén fáth nach rabhamar in ann é sin a dhéanamh leis an nGaeilge?

Dúirt cara liom go síleann sí go bhfuil an locht áirithe ar Ghaeilge éigeantach sna scoileanna.

Sílim féin go bhfuil an lucht ar an mbealach ina múintear í.

Nuair a théann daltaí scoile go dtí an mheánscoil bíonn orthu staidéar a dhéanamh ar fhilíocht, aistí agus léamhthuiscint.

D’fhreastail mé ar bhunscoil lán-Bhéarla. Rinneamar uair an chloig Gaeilge in aghaidh an lae ar feadh 8 mbliana.

Ach nuair a thosaigh mé sa mheánscoil bhí orm rudaí a fhoghlaim ar nós go raibh Gaeilge líofa agam cheana féin.

Má táimid chun an Ghaeilge a spreagadh i measc daoine óga caithimid suim a spreagadh iontu sa teanga agus ní filíocht agus aistí le foghlaim de ghlanmheabhar an bealach chun é sin a dhéanamh.

Muna bhfuil an teanga acu ón mbaile nó ón mbunscoil, is ceart go múintear í mar theanga agus nuair atá na rudaí bunúsacha acu, is féidir breathnú ar an bhfilíocht agus mar sin de.

Tá teanga, cultúr agus traidisiún iontach againn anseo in Éirinn agus is ceart go mbéimid iontach bródúil as.

Ach deirfinn go bhfuilim ag scríobh do dhaoine a bhfuil sé seo ar an eolas acu ach b’fhéidir gurbh fhéidir libhse dul amach ansin agus an scéal a scaipeadh!

Close
Close