Béal Feirste - An Chathair Cheolmhar

Béal Feirste - An Chathair Cheolmhar

Robert McMillen

An tseachtain seo chugainn, beidh Dónal Lunny ag seinm ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda i mBéal Feirste, bóthar a chonaic an chuid is measa de na círéibeacha a bhain le hagóid na brataí ó mhí na Nollag 2012.

(Ar ndóigh is sa cheantar céanna a bhí an chead chruinniú de Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste in 1895 agus, an struchtúr is sine i mBéal Feirste, Droichead Choinn, ba é an taoiseach Gaelach Conn Ó Neill a thóg é.)


Ní iontas ar bith é, mar sin, an ceol traidisiúnta a bheith á sheinm in oirthear na cathrach mar tá borradh iontach faoin cheol traidisiúnta ar fud, ní amháin Béal Feirste ach ar fud na hÉireann, ó thaobh líon na gceoltóirí agus caighdeán an cheoil de.


Ach tá dul chun cinn ar leith ar siúl i mBéal Feirste cois cuain agus ón bhun aníos atá sé ag forbairt.


Tá fás as cuimse ar líon na ndaoine óga atá ag foghlaim uirlisí traidisiúnta. Measann Micí Mac Cú Uladh go bhfuil na mílte á fhoghlaim in áiteanna éagsúla ar fud na cathrach.

Tá pobal ceoltóirí thar a bheith bisiúil i mBéal Feirste faoi láthair.

Seandaoine críonna agus seandaoine óga agus iad ag seinm sna seisiúin a bhfuil a líon ag méadú i rith an ama in áiteanna ar nós Madden’s, Kelly’s Cellars, McHugh’s, The Sunflower ina bhfuil oíche sheachtainiúil amhránaíochta ar siúl gach Déardaoin, The Duke of York agus i bpubanna eile i lár na cathrach, ach níl léiriú níos glinne ar stádas úr an cheoil ná an teach úr tábhairne, The Dirty Onion.

Tá an pub/bialannn suite i gCeathrú na hArdeaglaise, ceantar siamsaíochta Bhéal Feirste, agus is ann a bhíonn ranganna ceoil á gcur ar fáil ag an Droichead, an lárionad Gaeilge agus ealaíona i ndeisceart na cathrach.

Bíonn ciorcal comhrá Gaeilge ann chomh maith, rud a léiríonn an nasc leanúnach atá ag an teanga leis an cheol.

Treoraíonn ceann amháin acu daoine go dtí an ceann eile.
 Ach tá sé suntasach go bhfuil an ceol dúchasach i lár an aonaigh mar ábhar siamsaíochta agus mar thairge a mheallfaidh daoine, idir thurasóirí agus mhuintir na háite, go lár na cathrach.


Agus tá ionaid eile ann seachas tithe tábhairne i mBéal Feirste ina bhfuil borradh iontach faoin cheol traidisiúnta.


Is iarThithe Pobail Preispitéireacha iad Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus an Duncairn Centre for Culture and Arts ach tá na healaíona faoi bhláth iontu, iad beirt ag cruthú spás comhroinnte nó “shared space” na n-ealaíon.

Leoga, is cuid thábhachtach de gach ionad thuasluaite an t-éiciuméanachas ealaíonta.




Ní tharlódh a leithéid mura mbeadh daoine sásta an obair chrua a dhéanamh agus dul sa seans agus airgead a chaitheamh ar bhuíonta agus ar amhránaithe a thabhairt anseo.


Mar shampla, chuir Ray Giffen agus cúpla cara a gcuid airgid féin le cheile le buíonta a thabhairt go dtí ionad úr, Halla Naomh Caoimhín i dtuaisceart na cathrach.

Rinne siad brabús £20 ach léiríonn sé an croí mór maith atá infheistithe sa cheol agus anois is eagraíocht dhéanta í an Traditional Arts Co-operative agus Ray ar bhunaitheoir acu.


Ach tá daoine breátha eile ann a bhfuil a gcroí sa cheol agus a thuigeann an gnó chomh maith.

Leithéidí Claire Kieran ó an Droichead, Seán Kelly o Fhéile Ealaíon Cheathrú na hArdeaglaise agus Brian Carson ó Moving On Music a thugann buíonta saoithiúla go Béal Feirste agus níos faide i gcéin.


Agus léiríonn sé sin rud amháin eile. Tá muintir Bhéal Feirste sásta dul sa seans maidir leis an cheol de.

Tá ráchairt mhór ar an ceol traidisiúnta “traidisiúnta” ach bhí Halla Mandela plódaithe nuair a tháinig ceannródaithe The Gloaming chun na cathrach; d’eagraigh an Droichead seó dar teideal Ó Riada Re-Imagined, (comhfhiontar leis an Louth Contemporary Music Society) sa Chéad Eaglais Phreispitéireach i Sráid Rosemary inar seinneadh leaganacha úra de cheolta an Riadaigh ar chum an tÚisbéiceastánach Dmitri Yanov-Yanovsky; tá mór-ráchairt ar The Olllam, grúpa ata ina mheascán de The Bothy Band agus Led Zeppelin.

Ba i mBéal Feirste a rinneadh leagan de shaothar John Cage, Roaratorio: An Irish Circus on Finnegan’s Wake ach gur baineadh úsáid as leabhar Ciaran Carson, The Star Factory, in áit shaothar Joyce.

Is dócha gur beag saothar ina bhfuil an ceol traidisiúnta atá chomh casta leis seo.

Oh agus tá féilte againn. Is beag lá nach bhfuil féile éigin ag titim amach i mBéal Feirste, shílfeá.

Tá féile againn ina bhfuil an ceol traidisiúnta mar bhunchloch, leithéidí Fheile an Droichid agus Scoil Samhraidh Mhic Reachtain agus Féile an Earraigh de chuid Fhéile an Phobail.

Bíonn ceol traidisiúnta le cluinstin ag cuid mhór de na féilte eile agus freastal maith i gcónaí orthu.


D’fhéadfaí Bord Turasóireachta agus an Comhairle Ealaíona ó thuaidh níos mó úsáide a bhaint as an bhorradh iontach seo sa cheol le daoine a mhealladh chun an tuaiscirt.

Tá a fhios againn go bhfuil leasc (dá bhoige é) ar an Bhord Turasóireachta comharthaíocht Ghaeilge a bheith le feiceáil sna háiteanna is stairiúla sa tuaisceart ach nach mithid go mbeadh an saibhreas ceoil atá forleathan ar fud na Sé Chontae á cheiliúradh ós ard agus margaíocht níos fearr a dhéanamh air?

Mothaíonn sé go bhfuil an ceol dúchais mar a bheadh aintín mhire ann, gan é measúil go leor – ach b’fhéidir gur sin cuid den spraoi a bhaineann leis!

Close
Close