Damhsaí Dúchasacha

Cuireadh fearadh na fáilte roimh dhamhsóirí traidisiúnta as Tír na mBascach in CLG Uí Dhónaill in iarthar Bhéal Feirste ar na mallaibh agus iad ag taispeáint a gcultúr do mhuintir na hÉireann.

Bhí damhsóirí Gaelacha Feirsteacha agus damhsóirí as tuaisceart Chontae Shligigh ann le tacú leis an ócáid agus thug siad léargas maith do na cuairteoirí ar an rince náisiúnta s'againn féin.

Tá Tír na mBascach scoilte idir stát na Fraince agus stát na Spáinne ach tá gluaiseacht mhór sa tsiúl chun an fhéiniúlacht, agus a dteanga, a choinneáil beo beathach.

Bhí Meon Eile i láthair chun an nasc láidir idir Éire agus Tír na mBascach a fhiosrú agus chun na cosúlachtaí agus difríochtaí eadrainn ó thaobh an damhsa de a léiriú...  

Close
Close