An bhliain is mó ag Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair go dtí seo

Bhí Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair ag ceiliúradh cúig bliana ar an fhód i mbliana.

Cuireadh tús léi mar Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy sa bhliain 1994, in ómós don sárcheoltóir as Béal Feirste.

I ndiaidh 20 bliain den fhéile ghlac Comharchumann Ghaoth Dobhair ceannas uirthi agus tá sí ag dul ó neart go neart ó shin.

Deirtear gurb í féile an gheimhridh seo an ceann is mó go dtí seo. Mar a tharla roimhe, tháinig na sluaite ó achan chearn den tír agus den domhan le ceiliúradh a dhéanamh ar an cheol traidisiúnta.

Bhí réimse leathan imeachtaí i gclár na bliana seo: ceardlanna d’uirlisí traidisiúnta Gaelacha, amhráin agus damhsa, léachtaí, ceadail cheoil agus ceardlanna do pháistí.

Bhí sraith ceolchoirmeacha ar siúl mar chuid den fhéile fosta, i measc na gceoltóirí bhí Na Casaidigh, Matt Molloy, Altan agus an grúpa áitiúil, An Crannóg.

Chomh maith leis sin bhí oíche ollmhór ann Oíche na Seanbhliana, agus clár bliantúil de chuid TG4, Fáilte, ag craoladh beo ó Ghaoth Dobhair.

Coinnigí súil amach fá choinne roinnt míreanna eile ó Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair na bliana seo sna seachtainí amach romhain...!

Close
Close