Abair Amhrán in ómós don Chairdinéal Tomás Ó Fiaich

Cothrom an lae seo 100 bliain ó shin rugadh an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich.

Rugadh agus tógadh é in Ard Mhacha Theas agus chaith sé a shaol ar son an chreidimh agus na Gaeilge. Is iomaí saothar Gaeilge a scríobh sé agus is ina dhiaidh atá an Chultúrlann i mBéal Feirste ainmnithe.

Eagraíodh ócáid speisialta ina onóir in Áras an Chairdinéil Ó Fiaich i gCoilleach Eanach ar na mallaibh, agus bhí Meon Eile i láthair chun blaiseadh de a chur ar fáil daoibh anseo thuas. 

Ba é 'Abair Amhrán-atón' an teideal a bhí ar an imeacht, léiriú ar an nasc a bhí ag an Chairdinéil leis an leabhar 'Abair Amhrán' agus le ceol na Gaeilge trí chéile.

Bhí scaifte mór i láthair ag an ócáid agus chan siad gach amhrán ón leabhar clúiteach in éineacht le chéile. Tugadh cuireadh do cheoltóirí as timpeall na tíre chomh maith le ceoltóirí áitiúla véarsa d'amhráin a chanadh, amhail Domhnall Ó Braonáin, Irial Ó Ceallaigh, Dearbhla agus Miceál Bennett, Jarlath Burns, Aisling agus Síomha Ní Gribín, Marcas agus Róise Uí Mhurchú, Bláithín Mhic Cána agus Piaras Ó Lorcáin, le cois daoine eile.

Ghlac roinnt scoileanna páirt ann chomh maith, rud a chuir go mór leis an lá - ba iad sin Ardscoil Naomh Íosaf, Ardscoil Naomh Pól, Scoil Naomh Pádraig, Coilleach Eanach agus Gaelscoil Phádraig Naofa, Cros Mhic Lionnáin.

Labhair Meon Eile le Máire Sabhaois, rúnaí de chuid Chraobh an Chreagáin agus ball choiste Áras an Chairdinéil Ó Fiaich, le Marcas Ó Murchú, eagarthóir 'Abair Amhrán', agus leis an Athair Brian Mac Raois, a raibh aithne mhaith aige ar an Chairdinéal. 

Is é Coiste Áras an Chairdinéil Ó Fiaich agus Craobh an Chreagáin a chuir an ócáid ar siúl, le tacaíocht ó Chomhaltas Uladh, Gael Linn, Rural Health Partnership, Gaelphobal Ard Mhacha Theas, Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin agus an National Lottery Heritage Fund.

Close
Close