Bliain deacair ab ea í 2021 ó thaobh na healaíne, ceoil agus cultúir de. Seo súil siar ar chúig cinn de na físeáin cheoil agus chultúir is mó a raibh tóir orthu ar Meon Eile i mbliana… Bain sult astú!
1. Amhrán úr éisithe mar chuid de chomóradh ar Mhicí Sheáin Néill Ó Baoill
Rinneadh céilúradh ar shaol agus ar shaothar ‘Rí na Scéalaíochta’, Mící Sheáin Néill Ó Baoill, i Rann na Feirste ag an deireadh seachtaine.
I measc na n-ócáidí, bhí seisiún scéalaíochta, chomh maith le ceolchoirm fhíorúil le cuid de na ceoltóirí Gaelacha is fearr dá bhfuil ann, ina measc Moya Brennan, Gráinne Holland, Mairéad Ní Mhaonaigh and a hiníon Nia, Maighread agus Tríona Ní Dhomhnaill agus ceoltóirí iontacha eile nach iad.
Triúr eile a bhí páirteach sa cheolchoirm fhíorúil ná Húidí Mac Gairbheá, a dheirfiúr Reddyon agus a gcara Sophie Ní Fhearraigh.
Cheol siad amhrán nuachumtha dar teideal ‘Abú Rann na Feirste’, cumtha ag athair Húidí agus Rddyon, Aodh Mac Gairbheá.
Labhair Meon Eile le Húidí fá théama an amhráin agus fán chúis a raibh sé tábhachtach daofa a bheith páirteach sa chomóradh ar Mhicí Sheáin Néill…
2. Ceoltóirí Teaghlaigh - Clann Mhic Bhrádaigh.
Mar chuid den tsraith ‘Ceoltóirí Teaghlaigh’, bhuail muid isteach chuig Clann Mhic Bhrádaigh i mBéal Feirste le píosa ceoil thraidisiúnta den scoth a chluinstin.
D’fhás an chlann ar fad aníos leis an cheol, agus le spreagadh óna dtuismitheoirí, lean gach duine acu ar aghaidh ag seinm. Thóg Ciarán Mac Brádaigh bothán ar chúl an tí le spás a chruthú dó féin agus don teaghlach seisiún ceoil a bheith acu am ar bith is mian leo.
Bhí an deis againn triúr acu a chur faoi agallamh agus labhair siad faoina n-óige ag fás aníos nuair a bhí ceol i gcónaí thart orthu agus thug siad cur síos ar na deiseanna iontacha a thug an ceol dóibh le linn a saoil...
3. Glórtha Uladh - Pádraigín Ní Uallacháin.
Mar chuid den tsraith 'Glórtha Iladh, labhair muid leis an bhailitheoir agus amhránaí sean-nóis Pádraigín Ní Uallacháin.
Tá ocht n-albam de cheol traidisiúnta eisithe aici agus camchuirteanna mar cheoltóir agus mar léachtóir déanta aici.
Scríobh Padraigín an leabhar 'A Hidden Ulster - People, songs and traditions of Oriel'.
San eagrán seo tá Pádraigín ag déanamh cur síos ar na hamhráin ‘Is Fada an Lá’ agus 'Cailín as Contae Lú' agus ar oidhreacht shaibhir cheantar Oirialla.
4. Ceol na Sióg: Leabhar amhrán agus dlúthdhiosca.
Thart ar an gheimhreadh seo caite, bhuail Andrew Whitson agus Gráinne Holland le chéile le leabhar amhrán a dhéanamh a bheadh bunaithe ar an dúlra agus ar na daoine beaga a chónaíonn ann.
Bhí cúpla amhrán ag Gráinne a chum sí dá páistí cheana féin agus bhí neart taithí ag Andrew ar dhearadh agus ar tharraingt na sióga, mar sin, thug siad faoin tionscadal le fonn.
A bhuí le maoiniú ón Chomhairle Ealaíon, bhí An tSnáthaid Mhór in ann an saothar draíochta a fhoilsiú. Tá 13 amhrán ag dul leis an leabhar agus is iad Seán Óg Graham, Niamh Dunne agus Brian Finnegan a chuireann an ceol le liricí áille Ghráinne.
I ndiaidh ceithre mhí, tá an leabhar agus na hamhráin réidh le seoladh agus labhair Meon Eile le Gráinne, Andrew agus Caitríona Nic Seáin ó An tSnathaid Mhór faoin leabhar, na hamhráin agus an ealaín...
5. ‘Bláth an dTulach’, bailiúchán úr gearrscéalta seolta.
Bailiúchán gearrscéalta le 28 n-údar Ultacha é ‘Bláth an dTulach’, a seoladh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar na mallaibh.
Ag tús na paindéime labhair na scríbhneoirí Réaltán Ní Leannáin agus Eoghan Mac Giolla Bhríde faoi chnuasach gearrscéalta le húdair Ultacha a chur le chéile, agus is é 'Bláth na dTulach' an toradh.
Mar aon leis an leabhar beidh Réaltán agus Eoghan ag eisiúint podchraolta achan mhí le haoi speisiálta agus iad ag léamh agus ag plé na scéalta sa leabhar.
Tá an saothar ar díol anois ar www.blath.ie agus tá an chéad phodchraoladh beo ar an suíomh comh maith - an scéal 'Bréaga' léite ag Marina Nic Giolla Bhríde.
Bhí an deis ag Meon Eile a bheith i láthair ag an seoladh agus labhair muid le Réaltán agus beirt scríbhneoirí a bhfuil gearrscéal acu sa leabhar, Róise Ní Bhaoil agus Séamus Mac Annaidh.