5 fhíseán ealaíne is mó ó 2020


Bliain deacair ab ea í 2020 ó thaobh na healaíne, ceoil agus cultúir de. Seo súil siar ar chúig cinn de na físeáin cheoil agus chultúir is mó a raibh tóir orthu ar Meon Eile i mbliana… Bain sult astú! 

1. Amhránaíocht le Micí & Rosie McNally

s cinnte go bhfuil go leor deacrachtaí ag baint le dianghlasáil COVID-19 ach tá Rosie McNally agus a hathair ag baint taitneamh as an am breise atá acu le chéile.

Labhair Rosie le Meon Eile faoi cé chomh tábhachtach agus atá sé di am a chaitheamh ag seinm ceoil lena hathair. Is rud atá déanta acu ó bhí Rosie ina páiste agus tá siad ag coinneáil an traidisiúin beo le linn na paindéime...

 

 2. Oíche Shóisialta na nGael i Lár Uladh

D'eagraigh na grúpaí áitiúla Gaeilge Glór na Speiríní agus Glór Mhachaire Fíolta oíche shóisialta le déanaí in Óstán The Terrace i Machaire Fíolta, Co. Dhoire, le deis a thabhairt do mhuintir na háite bailiú le chéile agus a gcuid Gaeilge a úsáid. Bealach iontach a bhí san óiche leis an teanga a normalú i gceantar a raibh an-tábhacht leis le linn Athbheochan na Gaeilge.

 

 

3. Lí Bán agus Loch nEathach

Mar pháirt de thionscadal a bhí faoi stiúir Mháire Zepf agus Dhéagláin Uí Dhoibhlin, tháinig sé Ghaelscoil ó lár Chúige Uladh le chéile chun scéal speisialta a insint.

Bhí Meon Eile i láthair ar an lá bríomhar le scéal Lí Ban a chluinstin...

 

4. Scoil Ruaidhrí Dall ar ais i mbun ceoil

Bhí lúcháir ar mhúinteoirí agus ar dhaltaí de chuid ‘Scoil Ruaidhrí Dall’, scoil chláirsí i nDún Geimhin, Contae Dhoire, go raibh na ranganna arais. Cuireadh stop leis na ranganna ceoil i mí an Mhárta 2020 mar gheall ar phandéim dhomhanda Covid-19. D’fhill na ceoltóirí ar ais ar an Chaisleán i nDún Geimhin den chéad uair le sé mhí anuas, rud a chuir áthas orthu ar fad.

5. Ceird an chamáin le fear as Dún Geimhin

Is siúinéir é Paddy Ó Ceallaigh as Dún Geimhin i gContae Dhoire. Imríonn sé iománaíocht lena chlub sa bhaile, Cumann Iománaíochta Chaoimhín Uí Loingsigh agus dá chontae fosta. D’fhás sé aníos ag imirt an spóirt ársa agus bhí sé ag iarraidh ceird déanta an chamáin a thriail toisc an lámh mhaith a bhí aige ar an tsiúineoireacht. Mar sin, thosaigh sé ag cruthú camán cúpla bliain ó shin mar chaitheamh aimsire.


Close
Close