£1.4m ceadaithe do Chultúrlann i gcathair Ard Mhacha

Tá £1.4 milliún ceadaithe le Cultúrlann nua, Aonach Mhacha, a thógáil ar shuíomh an tseanfhoirgnimh dóiteáin i gcathair Ard Mhacha.

£750,000 atá ceadaithe ag an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóilíochta don tógáil. Tá £500,000 eile ceadaithe ag Ciste Infheistíocht na Gaeilge. Bhronn roinnt eagras eile miondeontais chomh maith.

Deir Réamonn Ó Ciaráin, Cathaoirleach Aonach Mhacha, go bhfuil cúig bliana de mhórpleanáil agus feachtasaíocht curtha i gcríoch acu agus go gcuirfear tús leis an tógáil i mí an Mhárta…

Tá cúig stiúrthóir ar Aonach Mhacha, eagras a bunaíodh leis an chultúrlann a thabhairt chun cinn, agus ina measc siúd tá ionadaithe ó Gael Linn, Cairde Teo agus grúpaí pobail eile.

Tá láthair na Cultúrlainne lonnaithe ar shuíomh an tsean-stáisiún dóiteáin in Ard Mhacha, suíomh a bhí díomháin le 10 mbliana anuas.

Trí hurlár a bheas i gceist. Lonnófar siopa, caifé, dánlann, spás oifige do 6 ghnólacht, chomh maith le naoílann lán-Ghaeilge agus spás súgartha do pháistí san fhoirgneamh.

Tá stiúrthóirí Aonach Mhacha dóchasach go mbeidh an Chultúrlann nua foscailte faoi earrach na bliana seo chugainn.

Aonach Mhacha
Close
Close