Éagsúlacht Fhleadh Cheoil na hÉireann 2013 á ceiliúradh?

Éagsúlacht Fhleadh Cheoil na hÉireann 2013 á ceiliúradh?
Fleadh Cheoil na hÉireann, Doire 2013
Fleadh Cheoil na hÉireann, Doire 2013

Méabh Ní Thuathaláin

Is ar Chathair Dhoire atá an chaint ar fad dírithe an tseachtain seo agus Fleadh Cheoil na hÉireann faoi lán seoil, an chéad uair riamh don fhéile a bheith ar siúl sa Tuaisceart.

Cúis áthais atá ann go bhfuil deis ag Doire an fhleadh a reáchtáil i mbliana, imeacht atá ag tarraingt níos mó ná ceathrú milliún cuairteoirí le roinnt blianta anuas agus ar fiú timpeall £40 milliúin é don gheilleagar áitiúil.

Anuas ar na buntáistí airgid, is spreagadh é do mhuintir Dhoire mar aon agus leithscéal maith atá ann do dhaoine ó dheas agus níos faide i gcéin cuairt a thabhairt ar an chathair.

Molaim go mór spiorad agus samhlaíocht na féile i mbliana atá imithe chomh fada le póilíní, a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu, a chur amach ar an láthair i gcaitheamh na seachtaine.

Chualathas idir mholadh agus cháineadh maidir le clár imeachtaí na Fleidhe i mbliana. Rinneadh gearán ar shuíomh Facebook na féile féin a mhaígh gur fágadh ceoltóirí áitiúla ar leataobh ach tá sé ráite ag daoine eile liom gurb é an clár imeachtaí is fearr riamh.

Aontaím nach bhfaca mé clár chomh héagsúil ag aon fhleadh cheoil roimhe, comhartha go bhfuil iarracht déanta ag lucht eagraithe na féile an fhleadh a leathnú amach agus cur leis na himeachtaí ealaíona.

Is léiriú é an cheolchoirm fillíochta atá ar siúl anocht ‘The Poet and the Piper’ le Seamás Heaney agus Liam Flynn ar an eagsúlacht sin.

É sin ráite, tá cuid den chlár nach dtaitníonn an oiread céanna liom.

I measc na n-aoicheoltóirí móra tá a leithéidí Neusa, grúpa Albanach a chuireann, ina bhfocail féin ‘new slant’ ar an cheol tradisiúnta agus Cara Dillon atá ag seinm in éineacht le Ceolfhoireann Náisiúnta na hÉireann.

Is samplaí iad den chineál ceoil atá sa chlár atá ag titim faoi scáth an cheoil traidisiúnta ach nach bhfuil chomh traidisiúnta sin dar liom.

Ardaíonn sé ceist níos doimhne ar bhealach.

An fás atá i gceist nó an bhfuil muid ag imeacht ró-fhada ón cheol traidisiúnta leis an eagsúlacht seo?

Tá ceol tagtha chun cinn le roinnt blianta anuas a bhfuil meascán de Jazz, ceol clasaiceach, blue grass agus ceol traidisiúnta ann.

Is minic ceoltóirí ag gearán faoin droch-thionchar atá á imirt aige ar an cheol traidisiúnta i gcoitinne, go háirithe ar cheoltóirí óga atá ag déanamh aithrise air.

Dá rachfá isteach chun cluas éisteachta a thabhairt do cheoltóirí óga agus iad i mbun ceoil i nDoire le linn na seachtaine, seans go gcluinfeá féin tionchar an cheoil nua seo.

Ar an lámh eile, seo í an stíl cheoil atá ag dul i bhfeidhm ar dhaoine agus ar mhaith le daoine dul amach agus éisteacht leis.

Seans gurbh fhearr seanrá nua a aimsiú…. ‘Jazz trad’ nó ‘tradassical music’ agus ní bheadh gá le díospóireacht ar an ábhar.

Aithním go mbíonn i gcónaí coimhlint idir an rud dúchasach, an sean-dóigh, agus an rud nua atá ag teacht isteach.

Tá an choimhlint chéanna le feiceáil leis an teanga.

Tá an Ghaeilge féin ag athrú de réir mar a théann an domhain ar aghaidh mar aon leis an cheol i mo thuairimse.

Is minic a ardaítear ceist na Gaeilge, ach ní minic díospóireacht faoin cheol, glactar leis go bhfuil an ceol slán.

Seans go bhfuil ach b’fhiú macnamh a dhéanamh ar an cheist.

Bealach amháin le fáil amach ná aghaidh a thabhairt ar Fhleadh Cheoil na hÉireann an tseachtain seo i nDoire, áit ina mbeidh ceol le cloisteáil oíche go maidin i gcúiní eagsúla sna tithe tabhairne agus ar na sráideanna fán bhaile.

Close
Close