‘Veganuary’ - leideanna ó MarthaTheVegan

Is eagraíocht neamhbhrabúis é ‘Veganuary’ a bunaíodh in 2014. Gach bliain, spreagann siad na mílte duine ó fud fad na cruinne le triail a bhaint as an veigeánachas i mí Eanair agus don chuid eile den bhliain. Is é aidhm na heagraíochta an timpeallacht a chaomhnú, cearta ainmhithe a chosaint agus sláinte daoine a fheabhsú.

Chun Veganuary 2025 a cheiliúradh thug Meon Eile cuairt ar Martha Nic Giolla Dhaltúin (@marthathevegan) a bhfuil níos mó ná 2500 leantóirí aici ar Instagram. Is ansin a bhíonn sí ag teagasc agus ag taifeadadh dóigheanna difriúla a dtig linn an veigeánachas a thabhairt isteach inár saol.

Thug Martha cúlra dúinn faoi aistear pearsanta s’aici leis an veigeánachas agus í ina veigeán le 10 mbliana anuas - fuair muid cuid mhaith leideanna i dtaca leis an stíl mhaireachtála seo. Ar a bharr sin, rinne Martha ‘Tófú Scrofa’, béile iomlán veigeánach atá foirfe do bhricfeasta nó bróinse ag an deireach seachtaine!

Close
Close