Tuairimí an phobail ar chuairt an Phápa

Beidh an Pápa Proinsias ag tabhairt cuairt ar Éirinn ag an deireadh seachtaine mar chuid de Chruinniú Domhanda na dTeaghlach.

Beidh daoine ó fud fad na cruinne ag teacht go hÉirinn chun páirt a ghlacadh sna ceardlanna, cainteanna agus imeachtaí i rith na comhdhála.

I measc na gcúraimí a bheas ar an Phápa Proinsias, beidh Aifreann aige i bPáirc an Fhionnuisce Dé Domhnaigh.

Is iomaí tuairim atá ann faoina chuairt, go háirithe mar gheall ar na scannail a thit amach san Eaglais in Éirinn le blianta anuas agus mar gheall ar an chostas de níos mó ná €30 milliún atá ar an turas.

Chuaigh Caoimhe amach ar shráideanna na tíre chun tuairimí an phobail a fháil ar chuairt mhór an Phápa...

Close
Close