Téamh Domhanda – An Bréag nó Bagairt é?

Tuairiscítear gur bhásaigh timpeall 2,500 duine ar na hOileáin Fhilipíneacha nuair a bhuail tíofún Haiyan cósta na tíre an tseachtain seo.

Bhí íomhánna drámata, brónacha le sonrú sa nuacht agus cuireadh i gcuimhne dúinn tragóidí eile nádúrtha a tharlaíonn ar fud na cruinne go ró-mhinic.

Nuair a chuirtear drochaimsir an gheimhridh dheireanaigh anseo agus teas meirbh an tsamhraidh san áireamh, ní mór dúinn a cheistiú an athraithe nádúrtha san aimsir iad seo nó an bhfuil an cine daonna ag déanamh dochair don aeráid.

Cheistigh Meon Eile pobal Dhoire Cholmchille faoina dtuairimí ar an tionchar atá ag an téamh domhanda ar mhórthubáistí nádúrtha.

Close
Close