Mí Feasachta i leith Ghalar Alzheimer

De réir an NHS, is é galar Alzheimer an cineál néaltraithe is coitianta atá ann.

In 2019, léirigh taighde a rinne an Alzheimer’s Society go raibh néaltrú ar níos mó ná 850,000 duine sa Ríocht Aontaithe, agus 22,000 acu ina gcónaí i dTuaisceart na hÉireann. Tá sé á thuar ag an Alzheimer’s Society go mbeidh néaltrú ar níos mó ná 1.5 milliún duine sa Ríocht Aontaithe in 2040, bunaithe ar an ráta atá ann i láthair na huaire.

Thug muid cuairt ar Bhláithín Mhic Cana, múinteoir, amhránaí agus máthair as deisceart Ard Mhacha. Tá galar Alzheimer ar mháthair Bhláithín le roinnt blianta anuas agus bhí Bláithín cineálta go leor labhairt linn faoi aistear a máthar go dtí seo. Labhair sí ar na rudaí éagsúla a dhéanann sí féin agus an chuid eile dá clann chun tacú lena máthair. D’fhoghlaim muid cuid mhór ó Bhláithín faoin dóigh ar féidir déileáil le galar Alzheimer mar theaghlach.

Tá tuilleadh eolais faoi ghalar Alzheimer le fáil anseo.

Close
Close