Cén chuimhne is láidre atá agat ó Chathair Chultúir 2013?

Fágfaidh 2013 lorg a láimhe ar Chathair Dhoire i dtaca na tuarasóireachta agus na healaíona agus Doire mar Chathair Chultúir 2013. Reachtálaíodh na céadta imeacht agus caitheadh na milliúin punt lena chois.

I measc mhórócáidí na bliana, bhí; Fleadh Cheoil na hÉireann – d’fhill os cionn 420,000 duine ar an chathair i Mí Lúnasa, Féile shoilse Lumiere – shiúil 179,000 duine ar shráideanna na cathrach an deireadh seachtaine seo caite agus Radio 1 Big Weekend – 37,500 duine i gCearnóg Ebrington d’fhéile cheoil an BBC.

Níl iontu seo ach cuid den mhéid a thit amach sa chathair le bliain anuas. Labhair Meon Eile le daoine éagsúla sa phobal faoina gcuimhní is láidre ó Chathair Chultúir 2013.

Close
Close